Tá níos mó trioblóide ag an gComhrialtas roimh vótaí muiníne sa Dáil ar Dé Céadaoin, mar go bhfuil laghdú beagnach 20% tagtha ar an soláthar tithe nua.
In ainneoin an ghá le níos mó tithe tá thart ar 6,000 níos lú áiteanna cónaithe curtha ar fáil ná mar a bhí an t-am céanna anuraidh.
Léiríonn sonraí nua ón Roinn Tithíochta gur thit líon na bhfógraí tosaithe (commencement notices) go 1,997 i mí Feabhra – laghdú 5% ar an mhí roimhe sin agus laghdú 18.6% ar an mbliain roimhe sin.
Sa bhliain seo go Feabhra, bhí 26,874 fógra tosaithe, i gcomparáid le 33,006 sa tréimhse chéanna in 2022. Ba laghdú 6,132 é sin, tráth a bhfuil an Rialtas ag iarraidh cur leis an soláthar tithe nua.
Tá an Comhrialtas ag iarraidh tacaíocht a fháil sa Dáil anois mar go bhfuil rún mímhuiníne sa Rialtas (motion of no confidence) ag Páirtí an Lucht Oibre sa Rialtas agus tá rún ag Sinn Féin síneadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú (evictions).
Tá an dá vóta sin ar an gCéadaoin.
Coicís ó shin, dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh an Stát ‘ag iompú cúinne (turning the corner) maidir le tithe nua a thógáil’.
Mar sin féin, tá an ráta tosaithe ag titim ó Mhárta seo caite nuair a bhí an figiúr ag 2,746.
Sháraigh an Rialtas a sprioc tithíochta de 24,600 anuraidh – le 29,851 teach críochnaithe – ach d’admhaigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go gcaithfidh siad go leor eile a thógáil ná sin.
Tá sé measta ag an nGníomhaireacht Tithíochta (Housing Agency) go gcaithfidh an Stát 50,000 teach nua a thógáil in aghaidh na bliana.
Mar sin féin, deir saineolaithe nach mbeidh líon na dtithe a tógadh i mbliana ag teacht le figiúr na bliana seo caite fiú.
Tá foláireamh tugtha ag an eacnamaí Austin Hughes go bhfuil i bhfad níos mó tithe a thógtar go poiblí ag teastáil, chun cur leis an méid a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.