Tá bean a bhí á ceistiú ag na Gardaí atá ag fiosrú dúnmharú Baby John i gCiarraí beagnach 40 bliain ó shin, scaoilte saor gan chúis.
Ullmhófar comhad anois don DPP. Tá na gardaí ag scrúdú cás na ‘Kerry Babies’.
Bhí fear a gabhadh freisin maidir leis an imscrúdú céanna fós faoi choimeád an Gharda oíche Dé hAoine.
Tógadh an fear, atá ina 60idí, agus an bhean, atá ina 50idí, i gcoimeád oíche Déardaoin i dtaca leis an gcás Kerry Babies a chuir iontas ar an náisiún ar ais i 1984.
Agus é i gceannas ar an imscrúdú, dúirt an Ceannfort Flor Murphy go bhfuil gardaí fós ag iarraidh ‘ceartas a thabhairt do Baby John’ a bhfuarthas bás ar thrá i gCiarraí i 1984.
Dúirt sé: go raibh siad ag déanamh iarracht chun an fhírinne a bhaineann le bás Baby John i 1984 a fháil amach agus ceartas a thabhairt dó.
‘Táim ag iarraidh arís ar an phobal ar fhaisnéis ar bith maidir le bás Baby John i 1984.
Déileálfar le haon duine a thagann chun tosaigh le híogaireacht (tuiscint) agus le comhbhá,” a dúirt sé.
Dúirt Gardaí go raibh an fear agus an bhean á gceistiú maidir le corp naíonán fireann a thángthas air ar an Trá Bhán, Cathair Saidhbhín, ar 14 Aibreán, 1984.
Gabhadh iad i réigiún na Mumhan Déardaoin faoi amhras faoi dhúnmharú agus bhí siad faoi choinneáil ag stáisiúin na nGardaí i ndeisceart na tíre faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.
Tá imscrúdú cuimsitheach ar bun ar an dúnmharú ó 2018 ag gardaí i Rannán Chiarraí, le tacaíocht ó Fhoireann Athbhreithnithe Coireachta Tromchúiseach an Gharda Síochána (Garda Serious Crime Review Team).
Cuireadh agallamh ar na céadta duine agus cuireadh tús le breis agus 560 líne fiosrúcháin.
I mí Eanáir 2018, d’fhógair gardaí athbhreithniú ar bhás Baby John a bhfuarthas a chorp i mála le gortuithe iolracha, i gcomhréir le créachta stab. Ní bhfuair Gardaí amach cúinsí iomlána a bháis.
‘Tá duine éigin ina máthair ag Baby John,’ a dúirt an Ceannfort Murphy in 2018.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.