SEACHTAIN NA GAEILGE: I bhfolach os ár gcomhair … Saibhreas feirmeoireacht na hÉireann ar taispeáint i sraith Ghaeilge RTÉ

07/03/2023

Tá a fhios againn go léir go bhfuil feirmeoireacht ag athrú in Éirinn. Tá an teicneolaíocht ag déanamh gnó mór di; agus ar an taobh eile, de bharr polaitíocht comhshaoil, tá feirmeoirí atá ag fás glasraí ag glacadh leis an dúlra seachas ar cheimiceáin chun aire a thabhairt dá chuid táirgeadh.

Bhí sé thar a bheith suimiúil, áfach, saol laethúil na bhfeirmeoirí sin a fheiceáil ar an sraith nua ar RTÉ a hAon, Saol na Feirme, ar oíche Dé Luain.

Faraor, cé go bhfuil an feirmeoireacht cheann de na tionscail is ársa dá bhfuil againn, níl mórán eolas ag chuid mhaith dúinn ar cad atá i gceist leis.

saol na feirme 3e

Ar an clár aréir buaile muid le daoine mar Jamie agus a deirfiúir Mairéad.

Feirmeoirí ab ea a n-athair agus a seanathair freisin. Ach tá rud éigin suimiúil anseo, bhí a máthair agus a seanmháthair ina bhfeirmeoirí freisin. Ach níor tugadh aitheantas dáiríre riamh d’obair feirme na mban sin.

Go dtí seo.

Tá 400 eallach (cattle) agus neart innealra ag Jamie. Tá aip aige fiú a insíonn dó cén bó a bhfuil trioblóidí aici.

D’fhás a dheirfiúr Mairéad aníos in éineacht leis, ag obair ar fheirm an teaghlaigh. Ach anois tá sí ina cónaí síos an bóthar agus fásann sí glasraí. B’fhéidir gurb í Mairéad sampla den fheirmeoir is fearr don Chomhaontas Glas agus don pholaitíocht nua, ach ní fheiceann sí mar sin é.

Tá sí ag leanúint leis an traidisiún maidir le glasraí a fhás chun an teaghlach a bheathú, mar a rinne a máthair agus a seanmháthair. In ionad trealaimh thionsclaíoch agus aipeanna úsáideann sí ‘broadfork’, a cosa agus a fuinneamh.

‘Mother nature will provide,’ a deir sí, i gceann den bheagán tráchtanna i mBéarla ar an gclár.

Beidh ceithre clár ar ceithre sheisir sa tsrath le léargas a thabhairt ar shaol comhaimseartha na tuaithe i gcontae Aontroma, Dún na nGall, Ard Mhacha, Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí, Pórt Láirge agus Ciarraí.

Bhí cuid de na radharcanna sa chlár oíche De Luain iontach. Go háirithe nuair a chuaigh siad ó thuaidh go Dún na nGall. Agus bhí pictiúir gleoite d’uain freisin. Agus Gaeilge álainn le cloisteáil.

Ach is é an rud is iontach faoi ná go dtaispeánann sé pictiúr d’Éirinn sa lá atá inniu ann atá, do go leor againn, i bhfolach cé go bhfuil sé os ár gcomhair.

Saol na Feirme, RTÉ a hAon agus an RTÉ Player, Dé Luain, 8pm

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram