SEACHTAIN NA GAEILGE: Ná bac le do bad Gaeilge, féach ar na réaltaí seo ar ais ar scoil

Agus Seachtain na Gaeilge ag teacht in ár dtreo caithfidh muid ómós a thabhair do na Réalta cróga a chuaigh isteach I gcraoílár na Gaeltachta chun an teanga a fhoghlaim. 

I gclár nua ar RTÉ, Réaltaí na Gaeltachta, agus atá anois ar fáil ar AN RTÉ ONE PLAYER téann cúigear réalta móra chuig Gaeltacht Dhún na nGall le tabhairt faoi dhúshlán úr – Gaeilge a fhoghlaim in athuair. 

(clic ar an ainm) Ag roinnt seomraí i dteach na mbuachaillí faoi shúil ghéar Bhean an Tí Chaitlín Nóra Frainc, tá craoltóir spóirt Des Cahill (clic ar an ainm), fuirseoir Fred Cooke (clic ar an ainm) agus imreoir peile Oisín Mullin (clic ar an ainm) . Idir an dá linn i dteach na gcailíní tá sár-réalta TikTok Lauren Whelan (clic ar an ainm) agus scríbhneoir Amanda Brunker (clic ar an ainm) breá chompordach lena mBean an Tí, Maighread, agus a gariníon gleoite, Aisling. 

realtagae3l

An rud a bhí i gceist ná seo, an samhradh seo chaite chuir RTÉ an cúigear go Coláiste Bhríde, Ranna na Feirste – ceann de na coláistí Gaeltachta is mó le rá in Éirinn, le nasc úr a bhunú lena dteanga dúchais. 

Le haghaidh Réalta na Gaeltachta (clic anseo) chaith siad seachtain amháin ina gcónaí le Bean an Tí agus mar ghnáth-scoláirí le ranganna, céilithe agus obair bhaile.  

Le treoir ó Mhúinteoir Niall déantar na daltaí a thumadh go hiomlán in eispéireas an choláiste samhraidh. Leanann na daltaí clár ama an choláiste gach lá, ranganna ar maidin le Múinteoir Niall agus Múinteoir Méabh, agus bíonn na tráthnónta lán le himeachtaí coláiste: ceol, rince… agus kayaking fiú!

RealtaGael

Ag deireadh na seachtaine beidh ar gach dalta tabhairt faoi scrúdú béil leis an dul chun cinn atá déanta acu a mheas. Agus le bronnadh duaiseanna ag an cheolchoirm ag deireadh na seachtaine – an mbeidh siad ábalta stádas a bhaint amach mar Réaltaí na Gaeltachta nó an mbeidh said ag rá, ‘d’ith an madra mo obair bhaile’? 

Idir ranganna gramadaí, téann na daltaí i dtaithí ar shaol an choláiste agus iad ag roinnt seomraí, ag ithe ag amanna áirithe amháin agus ag leanúint rialacha an tí. 

An mbeidh siad ábalta an eagla atá orthu a shárú agus an teanga a labhairt le muintir na háite? 

realtaGael2

Téann Des agus Oisín go hOileán Crúit le babhta gailf a imirt, téann Fred agus Lauren go drioglann Chroith Lí le táirge na háite a bhlaiseadh, agus mar ghrúpa, téann na daltaí go hOileán Gola le sult a bhaint as na radharcanna álainn atá le feiceáil ann. 

Anuas ar sin, le cuidiú ábalta ó a leithid de Hugh, an múinteoir ceoil, agus ealaíontóir áitiúil, Morag, díríonn na daltaí isteach ar an cheolchoirm. 

An féidir le Fred triall a bhaint as seit as Gaeilge? An féidir le Amanda dán a scríobh agus a léiriú ar ardán? An féidir le Des dul i dtaithí ar a ‘party piece’ in am? Agus an mbeidh Lauren in ann a cuid scileanna rince a roinnt le Oisín? 

Réaltaí na Gaeltachta, 28 Feabhra ag 7pm ar RTÉ 

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram