Tuairimí Leo faoi ‘redress’ do ‘survivors’ na hinstitiúide máthar agus leanbh cruálach’ agus ‘maslach’

28/02/2023

Tá tuairimí ó Leo Varadkar faoin Scéim Sásaimh (redress scheme) do mharthanóirí (survivors) institiúidí cónaithe máthar agus Leanbh (mother and baby homes) ‘cruálach’ agus ‘maslach’, dar le marthanóirí agus a lucht tacaíochta.

Mhaígh an Taoiseach sa Dáil Dé Céadaoin, go bhféadfaí íocaíochtaí sásaimh ‘a chaitheamh ar shlí eile ag freastal ar riachtanais an lae inniu, nó ag iarraidh todhchaí níos fearr a a bheith ag daoine’.

Chuir an ráiteas sin fearg ar daoine.

leo varadkar 1168x681 1
Leo Varadkar: ‘Is é sin €800 milliún a d’fhéadfaí a chaitheamh murach sin ag freastal ar riachtanais an lae inniu’

Labhair an Taoiseach nuair a d’aontaigh an Dáil le Bille a ligfidh do 34,000 marthanóir a chur isteach le haghaidh sásamh, ach nach gceadófar 24,000 eile.

Cáineadh go forleathan freisin a ráiteas gur glac an Rialtas le beartas chun suíomh iar-institiúid máthar agus leanbh i dTuaim a thochailt (excavate) tar éis dóibh dán a chloisteáil ón Aire Leanaí Katherine Zappone ag an am.

Bhí an tUasal Varadkar ag labhairt sa Dáil roimh vóta ar an mBille um Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán, 2022, a glacadh leis ar deireadh le 73 vóta ina fhabhar agus 62 ina aghaidh.

Rachaidh an Bille faoi bhráid an tSeanaid anois le haghaidh tuilleadh díospóireachta, ach tá sé séanta i gceathrúna áirithe mar gheall nach bhfuil leanaí nach raibh ar lóistín ná iad siúd a chaith níos lú ná sé mhí sna hinstitiúidí mar leanbh san áireamh.

catherine connolly
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly leis an Uasal Varadkar go raibh ‘iallach ar an Rialtas gach céim den bhealach rud éigin a dhéanamh’

Beidh thart ar 34,000 duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar shásamh faoin scéim, ach fágfar amach thart ar 24,000 marthanóir.

Dúirt an tUasal Varadkar sa Dáil: ‘Measaimid gur €800 milliún an costas a bheidh ar an gcáiníocóir, is é sin €800 milliún a d’fhéadfaí a chaitheamh murach sin ag freastal ar riachtanais an lae inniu nó ag iarraidh todhchaí níos fearr a thógáil, ach tá cinneadh déanta againn, mar gheall ar na héagóra a rinneadh san am a chuaigh thart, gurb é seo an méid cuí airgid le caitheamh ag iarraidh na héagóra san am atá thart a chur ina gceart, ar bhealach éigin ar a laghad.’

Katherine Zappone 768x466 1
Bhí Katherine Zappone ‘beagnach ag briseadh síos ina deora agus í ag léamh amach dán a scríobh sí féin an lá sin’

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly leis an Uasal Varadkar go raibh ‘iallach ar an Rialtas gach céim den bhealach rud éigin a dhéanamh’.

D’fhreagair an Taoiseach gur éist sé féin agus an rialtas roimhe seo leis an staraí Catherine Corless, a nochtaigh an scannal, agus a chuaigh i ngleic le marthanóirí.

Ag caint faoin chinneadh chun suíomh iar-institiúid máthar agus leanbh i dTuaim a thochailt (excavate), dúirt sé, ‘ba é an fáth ná go ndeachaigh Katherine Zappone, a bhí ina haire sa rialtas sin, síos go Tuaim, ag féachaint san umar agus sna huaigheanna agus tháinig sí ar ais agus thug sí tuairisc don rialtas.

‘Dúirt sí linn go gcaithfimid a bheith an rialtas a rinne iarracht rud éigin a dhéanamh faoi seo. Sin é a tharla.

Catherine Corless 768x448 1
An staraí Catherine Corless, a nochtaigh an scannal, agus a chuaigh i ngleic le marthanóirí

‘Is cuimhin liom í ag tabhairt aitheasc don chruinniú Comh-Aireachta sin agus beagnach ag briseadh síos ina deora agus í ag léamh amach dán a scríobh sí féin an lá sin. Ba é sin a chuir ina luí ar an rialtas gur cheart rud éigin a dhéanamh.’

Ach cháin Dr Maeve O’Rourke tuairimí an Uasail Varadkar.

Is dlíodóir um chearta an duine agus comhstiúrthóir ar thionscadal Clann, a dhéanann iarrachtaí an fhírinne a fháil ar an méid a tharla do mháithreacha neamhphósta agus dá bpáistí.

Dúirt sí: ‘Tá sé seo cruálach, don Rialtas brú a chur ar na marthanóirí “go bhféadfaí íocaíochtaí bídeacha sásaimh a chaitheamh ar shlí eile ag freastal ar riachtanais an lae inniu nó ag iarraidh todhchaí níos fearr a thógáil.”’

Leo Varadkar Questions Feature 768x448 1

Admhaíonn Leo go
bhfuil sé ‘legally
unsound’ scéim
drugaí ‘mental
health’ a bheith
do dhaoine faoi
16 amháin.
Clic anseo

Dúirt sí leis an Irish Daily Mail: ‘Sílim go bhfuil sé chomh cruálach sin a rá, mar tá na daoine seo a d’fhulaing an mhí-úsáid ar fad beo inniu.

‘Tá riachtanais leanúnacha acu, lena n-áirítear cúram sláinte, cúram sóisialta, éifeachtaí na bochtaineachta agus easpa oideachais… agus tá na hábhair seo ar fad ann inniu, agus tá siad chomh tábhachtach le haon duine eile.’

Dúirt an Dr O’Rourke go gcuireann ráitis an Uasail Varadkar faoin Rialtas a bheith spreagtha chun gnímh tar éis dán a chloisteáil ‘maslach’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram