Labhair Paul Mescal faoin am míchompordach a rug duine dá lucht leanúna ar a ‘ass’ taobh amuigh de cheann dá léiriúcháin amharclainne.
Bhí réalta scannáin as Maigh Nuad ag glacadh páirt I léiriúchán de A Streetcar Named Desire in Amharclann Almeida i Londain nuair a tharla an eachtra.
Bhí sa nuacht le cúpla lá anuas mar gheall ar an Ghaeilge sa BAFTAs, ach ag labhairt dó faoin fhadhb le duine don lucht leanúna, thug Paul, atá 27 bliain d'aois, le fios gur lig sé leis ar dtús, ag glacadh leis gur timpiste a bhí ann sula ndeachaigh an scéal in olcas.
Ag labhairt dó leis an iris ES an tseachtain seo, mhínigh an t-ainmní Oscar; 'Agus muid ina sheasamh le haghaidh grianghraif, chuir sí a lámh ar mo “ass”. Shíl mé gur timpiste a bhí ann, mar sin, like, bhog amach, ach lean an lámh.
'Is cuimhin liom teannas a bheith ann agus an fearg. Chas mé léi agus dúirt, "Cad atá tú a dhéanamh? Bain do lámh de mo ‘ass’."'
Tar éis sin, thug an réalta Normal People le fios go raibh sé beagán brónach as í a cháineadh, ag rá: ‘Tá sé míchompordach do gach duine a bhí páirteach, ach ní raibh sé ceart go leor i ndáiríre. Bhí sé chomh “gross, creepy”.’
Ag caint faoina clú agus cail atá air anois, dúirt Paul: 'Tá 97% de iontach deas, ansin déanann duine éigin rud éigin, sin an 3%, cosúil le ag breith ar do “ass”.'
Tá an t-aisteoir as Cill Dara sa bhaile in Éirinn faoi láthair ag ceiliúradh an chéad scoth dá scannán is déanaí God's Creatures, tar éis dó cuairt a thabhairt ar a sheanscoil chomh maith.
Ag tógáil am óna sceideal gnóthach, d’fhill Paul ar Iar-Bhunscoil Mhaigh Nuad, agus an t-ádh dearg ar dhaltaí Idirbhliana na scoile comhairle aisteoireachta a fháil ó Paul roimh a cuireann said leagan de The Addams Family ar an stáitse.
Bhí sé ar an Late Late Show art RTÉ Dé hAoine freisin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.