Leis an caint ar fad faoi An Cailín Ciúin, an Ghaeilge agus na Oscars, cheapfá nach raibh Gaeilge le cloisteáil riamh cheana féin i Hollywood.
Déantar dearmad gur tháinig The Quiet Man roimh An Cailín Ciúin, scannán a bhuaigh Oscar do John Ford mar an Stiúrthóir is Fearr, níos mó ná 70 bliain ó shin in 1952, agus a raibh blaisín den Ghaeilge le cloisteáil ann, ó Maureen O’Hara.
Tá an aisteoir O’Hara á ceiliúradh faoi láthair ag an céad clár eile den sraith Ceiliúradh na mBan, a mbíonn ar siúl gach Dé Céadaoin ag 7.30pm ar Raidió na Life 106.4fm.
Gach seachtain bíonn clár dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla. Bíonn téama ar leith ag baint le gach eagrán. Insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht; agus comh maith le sin tá agallamh pearsanta le bean atá bainteach leis an réimse céanna sa lá atá inniu ann.
Maureen O’Hara i The Quiet Man ag labhairt Gaeilge: CLIC ANSEO
Déantar plé ar a gcuid oibre; na mná a tháinig rompu agus na mná a thug agus a thugann inspioráid dóibh.
I measc na rannpháirtithe ón lá atá inniu ann tá Celia de Fréine, Máire Ní Bhraonáin, Siún Ní Dhuinn, Caitlín Ní Chasaide agus Deirdre Donnelly.
Agus I measc na mná a rinne éacht mór sa stair tá Lena Rice, a bhuaigh Wimbledon sa bhliain 1890; Kit Coleman a bhí mar an chéad chomhfhreagraí cogaidh baineann, sa bhliain 1898, agus an Dr Dorothy Stopford Price a bhí lárnach i ndíbirt na heitinne sa tír seo san fhichiú haois.
Tá ocht eagráin ann in iomlán, agus gach ceann dírithe ar gné ar leith don saol, agus mná a bhaineann leo. Siad sin Litríocht, polaitíocht, Spóirt, scannánaíocht, filíocht, na meáin, ceol agus eolaíocht.
Chraoladh trí chinn cheana féin ach beidh gach ceann ar fáil ar podchraoladh ar Soundcloud tar éis dóibh a chraoladh ar Raidió na Life.
San eagrán na seachtaine seo , tá Katie Whelan i mbun cainte leis an aisteoir, Fionnuala Gygax (GIG AX), mar gheall ar Maureen O’ Hara.
Ceiliúradh na mBan, ar Raidió na Life 106.4FM, Dé Céadaoin, 7.30in.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.