Gaeilge i dTeach na dTeachtaí le fáilte a chur roimhe Dlí Dháithí

Tar éis Paul Mescal agus Brendan Gleeson a bheith ag labhairt Gaeilge ag na BAFTAs, mar gheall ar Dlí Dháithí tá Gaeilge ag leanúint ar aghaidh sa Bhreatain, fiú go dtí Teach na dTeachtaí in Westminster.

Beidh Dlí Dháithí, faoi chaibidil ann, sé sin dlí le haghaidh scéim ina mbeidh gach duine sa Tuaisceart ina dheontóir orgáin seachas siúd a éiríonn as an scéim.

Tá sé in ómós do Dháithí Mac Gabhann, buachaill sé bliana d’aois as Béal Feirste atá ag fanacht le haistriú croí, agus atá ina Gaeilgeoir óg.

Mar sin dúirt Claire Hanna MP de chuid an SDLP le tuairisc.ie  go bhfuil sí chun comhghairdeas a rá le tuismitheoirí Dháithí i nGaeilge ann.

Caithfear an reachtaíocht a dhéanamh i Londain mar níl an DUP sásta dul ar ais chuig Stormont chun é a dhéanamh.

chris heaton harris 1168x681 1
Chris Heaton-Harris

Tá tuismitheoirí Dháithí, beirt chainteoirí Gaeilge, i mbun feachtais le roinnt blianta chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú, agus beidh siad i láthair in Westminster nuair a rithfear an Bille.

‘Lá lán de mhothúcháin é an lá inniu,’ a dúirt siad.

I 2021 bhí Bille i bhFeidhmeannas Stormont le go bhféadfaí croí nó ball eile as corpán a aistriú chuig colainn duine ina mbeatha, muna raibh an té sin tar éis a chur in iúl go raibh siad i gcoinne.

Ach an mhí seo caite thangadar ar an eolas go raibh reachtaíocht sa mbreis ag teastáil leis an mBille a achtú.

Bhí súil go bpléifí é sin i Stormont an tseachtain seo caite, ach níor tharla aon ní de bharr ‘boycott’ an DUP ar an gComhthionól mar agóid in éadan an Phrótacal.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín Mac Gabhann, gur lig Dáithí gáir áthais as féin nuair a tháinig glaoch gutháin ón Státrúnaí Chris Heaton-Harris ag insint dóibh gur i Londain a rithfí an dlí.

‘I Stormont is ceart na cinntí seo a dheanamh,’ a dúirt an Státrúnaí freisin.

Dúirt Ms Hanna le tuairisc.ie: ‘Lá iontach agus údar mór bróid atá ann do thuismitheoirí Dháithí a léirigh díograis agus misneach ó thús a bhfeachtais.

‘Tréaslaím go mór le muintir Dháithí cé go dtuigim nach n-athraíonn sé cás Dháithí anois díreach. Tá sé go fóill ag feitheamh ar chroí.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram