Faigheann laoch ‘cave rescue’ bás i scoil phríobháideach i Sasana

Laoch peile óg a bhí sé nuair a shábháil ó phluais (cave) faoi uisce sa Téalainn (Thailand) é, ach anois tá sé tar éis bás a fháil go mistéireach i scoil phríobháideach Shasana ina n-íoctar táillí.

Tugadh Duangphet Phromthep, ar a dtugtar Dom, amach as an pluais beo, fé mar a bhí daoine ar fud an domhain ag faire agus ag fanacht.

Bhí sé i measc 12 buachaill a tugadh ón gcoimpléasc pluaise faoi thuilte in 2018.

Bhí an réalta peile, a bhí 17 mbliana d’aois, ar scoláireacht sa scoil phríobháideach ar feadh cúpla mí. Fuair ​​sé bás Dé Máirt tar éis dó a bheith gortaithe ina cheann.

thailand cave rescue dom
Duangphet Phromthep

Bhí Dom, 13 nuair a bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile na Téalainne, Wild Boars, a bhí gafa i gcóras uaimh lena gcóitseálaí tar éis stoirmeacha troma.

Lean daoine ar fud an domhain staid na foirne – agus tarrtháil sa deireadh tar éis coicíse.

Dúirt póilíní i Leicestershire gur glaodh orthu go Coláiste Brooke House i Market Harborough Dé Domhnaigh mar gheall ar imní faoi dhalta.

Dúirt urlabhraí: ‘Tógadh an dalta – buachaill 17 mbliana d’aois – chuig an ospidéal. Fuair sé bás ó shin.’

Dúirt na póilíní nach raibh an bás mar thoradh ar ghortú peile agus nach raibh siad ‘amhrasach’ faoi.

Dúirt an carthanas Téalainnis, a thacaigh le scoláireacht Dom, gur tháinig múinteoir air agus é gan aithne ar urlár a ‘dormitory’ ar an Domhnach agus tugadh chuig an ospidéal é in otharcharr.

Dúirt Kiatisuk Senamuang, bunaitheoir an Zico Foundation, le preasagallamh go ndearnadh cóireáil ar Dom san ospidéal go dtí Dé Máirt ach níor éirigh leo.

thai cave rescue

Dúirt an tUasal Senamuang: ‘Tá mo smaointe lena theaghlach agus lena chairde. Smaoiním siar ar a fís  a bheith ina pheileadóir gairmiúil, ag déanamh ionadaíochta ar a thír. Níonn a ghuth i mo cheann i gcónaí.’

Dúirt Ian Smith, príomhoide ag Brooke House College, go raibh an fhoireann agus na daltaí ‘iomlán faoi bhrón. Dúirt sé gur ‘fhág bás Dom’ ár bpobal coláiste faoi bhrón’.

Cuireann an coláiste, a ghearrann €44,000 sa bhliain ar chónaitheoirí, clár ceachtanna ar maidin agus peil san iarnóin do dhaltaí idir 12 agus 20 bliain d’aois ó fud an domhain.

D’fhógair Dom ar Instagram go raibh scoláireacht buaite aige ag an gcoláiste mí Lúnasa seo caite. Dúirt sé: ‘Tá mo fios chun a bheith fíór anois.’

Chuaigh na Wild Boars ar rothar go córas pluaise Tham Luang i Chiang Rai, tuaisceart na Téalainne, ach bhí siad gafa ag tuilte.

Chaith na buachaillí, idir 11 agus 16 bliana d’aois, agus a gcóitseálaí, a bhí 25 bliain d’aois, naoi lá sa dorchadas gan bia sular aimsigh foireann cuardaigh agus tarrthála idirnáisiúnta iad, dhá mhí go leith ón mbealach isteach chuig an phluais.

Cuireadh tús leis an plean iad a thabhairt amach as an gcoimpléasc sé lá ina dhiaidh sin in oibríocht inar fuair tumadóir Téalainnis ar scor bás.

Bhí na buachaillí ‘sedated’ sular tógadh amach as an uaimh iad, ag fágáil an ospidéal seachtainí níos déanaí.

Tugadh cuireadh dóibh níos déanaí freastal ar chluiche Manchester United agus bhí a scéal mar ábhar do leabhair, cláir faisnéise agus sraith drámaíochta Netflix Thai Cave Rescue.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram