Seo an fáth a bhfaighimid creathadh maith ó Good Vibrations

Níl aon rud chomh maith le hamhrán mar Good Vibrations a chuireann áthas orainn gur mhaith linn léim suas agus damhsa.

Anois deir síceolaí ceoil go bhfuil an fhoirmle aimsithe aige a chinntíonn cén fáth a bhfuil roinnt foinn – mar na cinn le The Beach Boys – níos fearr ná cinn eile chun an dorchadas a chur as ár gcinn.

Cé gur léir, le fada an lá, go mbíonn claonadh ag amhrán i mórghléas (major key) a bheith níos grianmhaire ná chinn eile, fuair an Dr Michael Bonshor ó Ollscoil Sheffield amach gur rudaí tábhachtacha iad freisin intró gearr agus buille tiomána freisin.

Is é an t-amhrán is fearr a léiríonn a fhoirmle ná Good Vibrations le The Beach Boys, agus in a dhiaidh sin tagann, I Got You (I Feel Good) le James Brown agus House Of Fun le Madness.

pet sounds

‘Is iondúil go mbíonn buille láidir 1-2-1-2 ag amhráin áthasach, ionas gur féidir leat rince leo,’ a dúirt sé.

‘Is maith linn toirt ard… le nótaí á seinm ar bhealach geal agus preabach, ar uirlisí ar nós trumpaí nó giotáir leictreacha.

‘Ar deireadh, má tá rithim athchleachtach (repetitive) nó riff giotáir ar féidir le daoine greim a choinneáil air, sin iad na rudaí a mbeidh muid i gcónaí i gcuimhne orthu.’

Tá luas 137 bhuille in aghaidh an nóiméid ag na hamhráin is sásúla dúinn agus bíonn struchtúr rialta acu, sé sin véarsaí, curfá, véarsaí, curfá. Agus úsáideann siad athrú ghléas (key change) nó seachtú corda )(seventh chords), chun suim a chur leis.

abba 25 768x448 1
Mandatory Credit: Photo by Peter Mazel/Sunshine/REX/Shutterstock (3025335cf) ABBA Various – 1980s

‘Úsáideann cordaí rialta trí nóta, ach cuireann an seachtú cordaí nóta breise leis, a thugann mothú teannais agus faoiseamh ceoil,’ a dúirt an Dr Bonshor, ar choimisiúnaigh Mullerlight a thaighde.

Mar sin féin, d’aimsigh pobalbhreith de 2,000 duine fásta don bhranda iógart gurb iad Dancing Queen le Abba, Don’t Stop Me Now le Queen, agus Walking On Sunshine le Katrina and the Waves na hamhráin shona is fearr le daoine – agus níl aon cheann acu ar an deichniúr is fearr ag an Dr Bonshor.

1.      Good Vibrations – The Beach Boys

2.      I Got You (I Feel Good) – James Brown

3.      House Of Fun – Madness

4.      Get The Party Started – P!nk

5.      Uptown Girl – Billy Joel

6.      Sun Is Shining – Bob Marley

7.      I Get Around – The Beach Boys

8.      YMCA – Village People

9.      Waterloo – Abba

10.    September – Earth, Wind & Fire

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram