Leo faoi bhrú tar éis dó figiúirí Bernardos maidir le bochtaineacht teaghlaigh a cháineadh

16/02/2023

Tá Leo Varadkar faoi bhrú tar éis a chuid caint faoi shuirbhé le haghaidh an carthanas leanaí, atá ardmheas air, Bernardos.

Thaispeáin na figiúiri go raibh ar theaghlach amháin as gach deichniúr dul go dtí na bainc bhia le béilí  a fháil anuraidh.

Dhiúltaigh an Taoiseach, áfach, glacadh leis na figiúirí trioblóideacha. Cé gur admhaigh sé: ‘Níl amhras ar éinne go bhfuil méadú tagtha ar líon na dteaghlach atá ag streachailt.’

Fuarthas amach sa suirbhé freisin go raibh ar oiread agus 29% de thuismitheoirí dul gan béilí, nó méideanna a gcuid béilí féin a laghdú, ionas go mbeadh go leor le hithe ag a gcuid leanaí.

Ba mhéadú é sin ó 24% ó Eanáir 2022.

Thug an ceathrú cuid de thuismitheoirí le fios freisin nach raibh aon rogha acu ach gearradh siar ar bhillí tí ar nós gáis agus leictreachais chun costais bia a íoc le 12 mhí anuas.

Leo Varadkar 5 1 1168x681 1
Leo Varadkar Pic: Laura Hutton/Photocall Ireland

Sheol Barnardos an suirbhé, i gcomhar leis an  díoltóir grósaeireachta ALDI Ireland.

Thug 10% de na tuismitheoirí a ndearnadh suirbhé orthu le fios gur bhain siad úsáid as bainc bia i rith na bliana roimhe sin. Tá sé seo níos mó ná dhá oiread an líon ón suirbhé roimhe sin, 4% de na tuismitheoirí.

Ag cuir ceist faoin suirbhé dúirt an Taoiseach go riabh amhras air faoi ‘bonn eolaíoch’ an tsuirbhé a seoladh an tseachtain seo caite.

‘Níl mé cinnte go bhfuil an figiúr sin ceart,’ a dúirt sé.

Ag labhairt dó le Newstalk lasmuigh d’fhoirgnimh an Rialtais Dé Máirt, dúirt an tUasal Varadkar ‘ní fheadar faoin’ eolaíocht atá taobh thiar den suirbhé.

‘Dá mbeadh teaghlach amháin as gach deichniúr ag baint úsáide as bainc bia bheadh os cionn 200,000 teaghlach ag baint úsáide as bainc bia,’ a dúirt sé, ‘Níl mé cinnte an bhfuil sé sin ceart.’

Dúirt sé freisin: ‘Nuair a léigh mé an suirbhé, chonaic mé nár fhreagair formhór na ndaoine ar iarradh orthu páirt a ghlacadh sa suirbhé agus mar sin níl mé cinnte go bhfuil an figiúr sin ceart.’

Dúirt an tUasal Varadkar atá mar cheannaire Fhine Gael, ina ainneoin sin, go bhfuil a fhios aige go bhfuil méadú tagtha ar líon na dteaghlach atá ag streachailt.

child eating1

‘Ach má tá sé ceart nó mícheart, is dóigh liom, níl sé sin an pointe. Níl aon amhras ar éinne go bhfuil méadú tagtha ar líon na dteaghlach atá ag streachailt,’ a dúirt sé.

‘Bhí an bhochtaineacht feicthe againn ag titim, bliain ar bhliain, in Éirinn le roinnt blianta anuas, agus mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála, tá sé sin imithe ar gcúl, agus is fadhb mhór í sin,’ a dúirt sé.

Thug 19% eile díobh a ndearnadh suirbhé orthu le fios nach raibh go leor bia acu ag am éigin le 12 mhí roimhe sin chun a gcuid leanaí a bheathú.

Rinne Coyne Research an suirbhé nua, a dhéanann iniúchadh ar thionchar na bochtaineachta bia in Éirinn, thar ceann Barnardos agus ALDI Ireland.

Is é seo an dara suirbhé ar bhochtaineacht bia, le torthaí a léiríonn go bhfuil an cheist imithe in olcas do theaghlaigh ar fud na hÉireann.

Cáineadh an Taoiseach ar na meáin shóisialta as a chuid tuairimí.

‘Bhuel mar sin b’fhéidir go bhféadfadh sé figiúirí a bréagnaigh  figiúirí Barnardos… fanfaidh mé… ach ní choinneoidh mé m’anáil istigh,’ a dúirt duine acu.

Dúirt duine eile: ‘Tá an scuaine don bhanc bia i mo bhaile beag gach Déardaoin ollmhór, shíl mé go mbeadh an figiúr sin níos airde.’

Dúirt an tríú duine: ‘An bhfuil Leo Varadkar cinnte faoi rud ar bith? Is cosúil gurb é sin a fhreagra caighdeánach, “Níl mé cinnte go bhfuil an figiúr sin ceart” cad as a bhfuil na comhairleoirí ró-íoctha sin go léir?’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram