Ag rá ‘No’ don ‘Dress’: John Lewis ag fáil réidh le gúna geal an earraigh gur bhreá le custaiméirí

Admhaíonn stór mór gur ‘breá le na custaiméirí’ an ‘midi dress’, gúna bláthanna geala, ach tá siad fós chun fáil réidh leo.

Agus tá an cogadh faisin is déanaí ar tí pléascadh mar gheall ar an gúna éadrom aerach seo.

Tá John Lewis ag tarraingt an gúna midi as na seilfeanna cé go n-admhaíonn siad: ‘Níl sé éasca mar go bhfuil grá ag custaiméirí dóibh.’

midiressLipsy
Midi

Deir Queralt Ferrer, stiúrthóir faisin John Lewis le sotal uafásach (breathtaking arrogance): ‘Is treocht é atá ann ró-fhada.’

Ach fós is é an gúna clasaiceach an earraigh agus an tsamhraidh le blianta beaga anuas.

Creideann an fhoireann deartha nua ag siopaí John Lewis, a leag an treocht síos, go bhfuil fonn ar chustaiméirí bogadh ar aghaidh ón treocht.

Ach d’fhéadfadh sé a bheith ina ghluaiseacht ard-riosca agus cuireann sé an siopa  i gcoimhlint le siopaí eile ar nós Marks & Spencer.

Is minic a chaitheann Holly Willoughby, ambasadóir branda faisin M&S, gúnaí midi chun This Morning a chur i láthair ar ITV.

Hollyrexfeatures 10331475az 1
Holly Willoughby ina midi

Tá an t-athrú i John Lewis – chun dathanna blocáilte, stríoca agus brístí leathana – á stiúradh ag an stiúrthóir faisin nua Queralt Ferrer agus an ceannaitheoir Claire Miles.

Tá a gcéad bhailiúcháin ar tí dul ar na seilfeanna ach an mbeidh mórán siopadóirí an-tógtha leo.

Agus í ag míniú nach bhfuil an midi ar fáil, dúirt an tUasal Ferrer: ‘Sin ceann de na príomh-mhíreanna ar cheapamar go raibh orainn bogadh ar aghaidh uaidh.

‘Níl sé éasca, mar is breá le custaiméirí iad, ach is treocht é atá ann le fada an lá agus bhí siad i ngach áit.

‘Ba mhaith linn cúis a thabhairt do dhaoine rud éigin nua a cheannach.’

Tá an fhreagairt ó shiopadóirí measctha go dtí seo.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram