Basil abú: Tá Fawlty ag teacht ar ais le Cleese agus a iníon

Tá Basil Fawlty ag teacht ar ais i sraith nua – agus an uair seo tá John Cleese á scríobh lena iníon.

Ba iad Cleese agus a chéad bhean Connie Booth a scríobh an chéad sraith. Bhí Booth i bpáirt an bhfreastalaí Polly freisin.

Tá Fawlty Towers fós ar cheann de na greannáin teilifíse is mó tóir, cé go bhfuil chuid de na dearcaí agus scéalta grinn a bhí as dáta.

Tá daichead bliain imithe ó chonaic muid, don chéad uair, Basil Fawlty mar an t-úinéir óstáin is measa riamh.

fawltycoutnerAndrew Sachs 2

Beidh John Cleese, atá 83 bliain d’aois anois, ag scríobh agus mar an príomhcharachtar  sa leagan nuashonraithe lena iníon, aisteoir agus bean grinn Camilla Cleese, atá 39 bliain d’aois.

Tá amhras ann an mbeidh sé chomh réchúiseach le cuid de na scéalta a insíodh sna 1970idí.

I eipeasóid cháiliúil amháin, The Germans, a craoladh i 1975, d’fhág Basil aoi Gearmánach faoi deora le na tagairtí a rinne sé don chogadh domhanda arís agus arís eile. Léirigh sé freisin carachtar, Major Gowen, ag úsáid an N-focal faoi fhoireann cruicéad na nIndiacha Thiar arís agus arís eile agus é ag tagairt d’Indiaigh mar ‘w**s’.

Sa tsraith nua de Fawlty Towers beidh Basil agus iníon, a bhfuil sé díreach tar éis a fháil amach go bhfuil sé aige, mar fhoireann chun óstán ‘boutique’ a reáchtáil.

fawlty towersALL
Andrew Sachs, Prunella Scales, John Cleese agus Connie Booth i 1975

Faraor do lucht leanúna, ní bheidh aon bhall eile den chéad sraith ann.

Fuair Andrew Sachs, a bhí an bhfreastalaí Spáinneach Manuel, bás in 2016 in aois a 86. Tá Prunella Scales, 90, a bhí Sybil, bean chéile Basil, ar scor agus diagnóisíodh go raibh néaltrú uirthi. Agus d’éirigh Connie Booth, 82, as an aisteoireacht i 1995.

Bhí Fawlty Towers ar siúl le haghaidh dhá shraith i 1975 agus 1979. Tá an athbheochan á forbairt ag cuideachta SAM Castle Rock Entertainment, atá á reáchtáil ag stiúrthóir This Is Spinal Tap, Rob Reiner, a bhean chéile Michele agus an léiritheoir Matthew George.

Faulty Towersmanuel 768x485 1
Andrew Sachs agus John Cleese

Dúirt Reiner: ‘Is laoch grinn é John Cleese. Cuireann an smaoineamh a bheith ag obair leis mé ag gáire.’

Dúirt George go raibh bualadh le Cleese agus a iníon – a raibh a mháthair mar dhara bean chéile réalta Monty Python, an t-aisteoir Barbara Trentham nach maireann – ar cheann de ‘spéiseanna móra’ a shaoil.

‘Tá mé “obsessed” le Fawlty Towers,’ a dúirt sé.

Dúirt Cleese: ‘An rud a mhaith liom faoi Matt ná go dtuigeann sé an próiseas cruthaitheach. Nuair a bhuaileamar den chéad uair, thairg sé céad smaoineamh iontach. [Bhí] ceann de na seisiúin chruthaitheacha is fearr againn, is cuimhin liom.’

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram