Tá Bertie ar ais i bhFianna Fáil díreach in am le bheith ina iarrthóir don Áras

09/02/2023

Tá an t-iar-thaoiseach Bertie Ahern ar ais i bhFianna Fáil, agus tuairimíocht ann go seasfaidh sé don Áras.

Tá breis agus deich mbliana caite ó d’éirigh an iar-cheannaire as an bpáirtí tar éis chinneadh Bhinse Fiosrúcháin Mahon.

Is duine conspóideach é Bertie a bhfuil ardmholadh faighte aige as an obair a rinne sé chun an tsíocháin a thabhairt go hÉirinn le Comhaontú Aoine an Chéasta, ach atá cáinte mar gheall ar a airgeadas pearsanta.

D’fhág ceannaire reatha Fhianna Fáil agus an Tánaiste Micheál Martin an doras ar oscailt don Uasal Ahern le teacht ar ais sa pháirtí anuraidh.

Bertie Ahern 2
Bertie Ahern

Agus spreag an fhorbairt tuairimíocht go bhfuil plean aige le bheith san uachtaránacht in 2025, nuair a chríochnóidh Michael D Ó hUigínn a dara téarma agus a théarma deiridh.

Dheimhnigh ceanncheathrú Fhianna Fáil an nuacht i ráiteas aon líne a dúirt: ‘Fuaireamar iarratas ballraíochta agus ghlac an páirtí leis.’

Tuigtear gur thosaigh sé mar ghnáthbhall i mBaile Átha Cliath Láir ar tháille ballraíochta €20 in aghaidh na bliana.

Faoi rialacha páirtí Fhianna Fáil, ní bheidh cearta vótála ag an Uasal Ahern go dtí an bhliain seo chugainn.

Rinneadh ceannaire an pháirtí de i 1994, tar éis Albert Reynolds agus bhí sé sa phost ar feadh 14 bliana go dtí gur éirigh sé as i 2008, díreach roimh an géarchéim airgeadais.

In ainneoin a rath sna toghcháin agus a pháirtí a threorú chun trí cinn a buachan as a chéile,  ó thaobh an rialtais de, d’fhág conspóid faoina airgeadas pearsanta smál ar a ghairm bheatha.

Cúisíodh é as contrárthachtaí (contradictions) a dhéanamh san fhianaise a thug sé do Bhinse Fiosrúcháin Mahon faoi lóisteálacha (lodgements) bainc ag dul siar go dtí na 1990idí.

micheal 5
Micheál Martin Pic: Sasko LazarovRollingNews.ie

Bunaíodh Binse Mahon ar dtús chun breathnú ar stair pleanála agus úinéireacht na talún i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath chomh maith le himscrúdú a dhéanamh ar aon íocaíochtaí le polaiteoirí nó oifigigh maidir le ‘rezoning’.

Leathnaíodh é níos déanaí chun gach íocaíocht amhrasach le polaiteoirí agus le hoifigigh údaráis áitiúil maidir le ‘rezoning’ i mBaile Átha Cliath.

Reáchtáil sé 917 lá d’éisteachtaí poiblí agus fianaise ó níos mó ná 400 finné.

D’fhág an tUasal Ahern an páirtí i Márta 2012 tar éis do Bhinse Fiosrúcháin Mahon a chinneadh gur theip air cuntas fírinneach a thabhairt ar fhoinse na lóisteálacha isteach ina chuntas bainc.

Ag an am, mhol an tUasal Martin é a dhíbirt as an bpáirtí mar gheall ar cinneadh Mahon, ach shiúil an tUasal Ahern uaidh sular tharla sé sin.

Dhiúltaigh sé torthaí an bhinse, ag rá nár ghlac sé riamh le breab nó le híocaíochtaí ar glacadh leis go truaillithe.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram