Breithiúna faoi bhrú agus lucht féachana Dancing with the Stars ag tacú le Stephanie

Cé a dhéanfaidh breithiúnas ar na breithiúna? Sin í an cheist a chuir go leor lucht féachana Dancing with the Stars i ndiaidh na dtuairimí géara ó na breithiúna faoi laoch sacair na hÉireann Stephanie Roche.

Nó nach maith leo peileadóirí? Cuireadh Paul Brogan, buaiteoir bonn peile Craobh na hÉireann, den seó in ainneoin tango dochreidte a dhéanamh.

DWTD Stephanie DWTS 480x672 1

Agus cé nár thug na breithiúna ach 16 phointe dó bhí sé thar a bheith grástúil agus é ag fágáil, ag tabhairt ardmholadh dá pháirtí Salome.

 ‘Go raibh maith agat, go háirithe a Salome. Ní raibh mórán aici le hobair leis ag an tús, mar sin táimid tar éis teacht i bhfad,’ a dúirt sé.

Anois , níl ach ocht bpéire fágtha agus is féidir an teannas a mhothú. Agus ba é an peileadóir Stephanie Roche a bhí formhór na dtuairimí faoi, nuair a chuaigh baill den lucht féáchana ar na meáin shóisialta.

Bhí áthas ar lucht leanúna tar éis di teacht ar ais as tús lag.

Mar sin féin, ba chosúil nár aontaigh na breithiúna leo agus thug siad 14 phointe den phéire san iomlán.

Anuas ar sin dúirt Arthur léi: ‘Ní hé seo do dhamhsa.’

stephanie roche rovers

Tháinig lucht féachana RTÉ go Twitter chun easaontú le Brian, Arthur agus Lorraine mar nár scóráil Stephanie níos airde agus chun a gcuid ‘tráchtanna gan ghá’ a cháineadh

Seo cuid de na tuairimí ó na meáin shóisialta:

Sorry now, but what do the judges have against Stephanie Roche? #DWTSIRL

— Nóirín O Connell (@Noirin_O) February 5, 2023

More Stephanie Roche bashing .. oh come off it… Some people forget their dance and get 7’s.. Judges are picking on her and letting others off free… #DWTSIRL

— Johnny (@seanomathuna5) February 5, 2023

Is it me or does Stephanie Roche get a rough trot on #DWTSIRL ? She seems to get bad results every week !

— Colm McCormack (@Colm_McC) February 5, 2023

The judges have absolutely had a dislike against Stephanie Roche from week one. They’ve consistently scored stiff dancers and novelty acts higher #DWTSIRL

— Dr Conor Reidy (@ReidyConor) February 5, 2023

Extremely harsh on @StephanieRoche9 especially with scoring being higher for worse performances. Poor girl. #DWTSIRL

— Paul Byrom (@paulbyrom) February 5, 2023

Why are they so harsh on Stephanie, she was good ☹️☹️ #DWTSIrl

— Rebekah Caulfield (@caulfieldbecca) February 5, 2023

Chuir an feabhas ollmhór atá tagtha ar Stephanie, iontas ar lucht leanúna Dancing with the Stars – agus dúirt an tostaí d’Éirinn agus Shamrock Rovers gurb é a thraenáil peile atá taobh thiar de.

Dúirt Stephanie: ‘Dúirt duine éigin liom tamall ó shin, nuair a bhíonn na moltóirí ag tabhairt a gcuid tuairimí dom, breathnaím díreach isteach sa súile. Ach an rud atá i gceist ná: Táim ag iarraidh gach rud a thuiscint agus é a chur san áireamh.

‘Is é sin an peileadóir ionam. Mar imreoir, má tá rud éigin le rá ag bainisteoir liom, éistfidh mé leis agus déanfaidh mé iarracht é a fheabhsú. Déanaim an rud céanna leis an damhsa.’

Agus tá Stephanie ar a cosa i rith oíche agus lá mar gheall ar Dancing with the Stars.

Agus in ainneoin an déine a bhaineann le damhsa nua a fhoghlaim gach seachtain, i gcomórtas an-dian os comhair lucht féachana teilifíse agus moltóirí diana, tá Stephanie ag traenáil don séasúr nua peile freisin.

Thosaigh sí le Shamrock Rovers i mí na Nollag ó Peamount United agus chomh maith le damhsa agus oiliúint peile, cuireann sí cóitseáil ar siúl do leanaí óga lena fear céile, an peileadóir Dean Zambra.

 ‘Bhí sé an-deacair le mo thraenáil peile agus rince. Ó thaobh mo ghnó cóitseála de, bhí an t-ádh dearg orm go bhfuil Dean agus a athair liom, atá an-ghníomhach ag cabhrú liom.

‘Déanann muid cláir iarscoile i scoileanna agus campa i mí Feabhra a bhfuil mé féin agus Dean ag iarraidh a eagrú don bhriseadh lár téarma (mid-term break).

‘Tá sé deacair mar ar Dé Luain agus Dé Máirt bím sa seomra aclaíochta agus ar an bpáirc tráthnóna. Ansin bím i Dancing with the Stars ó Luan go hAoine.

‘Bhí sé deacair é sin a réiteach. Tá trí seachtaine déanta againn le Dancing with the Stars agus mar sin tá mé ag dul i dtaithí air,’ a dúirt sí.’

Leanfaidh Dancing with the Stars ar RTÉ a hAon Dé Domhnaigh seo chugainn ag 6.30pm.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram