‘Shrinkflation’ á cháineadh mar íocaimid €100 sa mhí sa bhreis ar earraí grósaeireachta

Bíonn ar theaghlaigh beagnach €100 sa bhreis a íoc in aghaidh na míosa – tar éis ‘shrinkflation’ agus praghsanna ollmhargadh dul suas níos mó ná 16%.

Ciallaíonn shrinkflation’  – sé sin laghdaítear méideanna pacáistí ach fanann praghsanna mar a bhí – go mbíonn siopadóirí ag filleadh ar an ollmhargadh níos minice, mar ní mhaireann an méid atá á cheannach acu chomh fada.

Sna ceithre seachtaine go dtí 23 Eanáir, d’ardaigh an meánphraghas in aghaidh an phacáiste 14.6%, de réir na sonraí is déanaí ó anailísithe miondíola Kantar. Agus sna 12 sheachtain go dtí an 23 Eanáir, chaith siopadóirí €90.50 sa bhreis in aghaidh an teaghlaigh.

Tá an ráta boilscithe (inflation) de 16.3% ar an gceann is airde ó thosaigh Kantar ag rianú díolacháin grósaeireachta i 1948.

Supermarket 1
Shopping cart full of food in the supermarket aisle. High internal view. Horizontal composition

Dúirt anailísí miondíola sinsearach Kantar, Emer Healy: ‘Tagann fás na hearnála de réir mar a bhuail boilsciú praghsanna grósaeireachta 16.3%. Mar sin féin, tá sé seo taobh thiar den Bhreatain áit a bhfuil boilsciú 16.7% tar éis dhá mhí de laghdú beag.’

Dúirt sí go mbeidh €1,159 sa bhreis á chaitheamh ag teaghlaigh Éireannacha anois ar a mbillí siopadóireachta bliantúla – níos mó ná €96 sa mhí – mura n-athraíonn siad a n-iompar chun costais a laghdú.

Dúirt Ms Healy freisin: ‘Ní haon ionadh é go bhfuil níos mó táirgí féin-lipéid (own brand) á gceannach ag siopadóirí, agus méadú 10.4% ar dhíolacháin, i bhfad chun tosaigh ar ardú 4.7% ar línte brandáilte’.

Ba é €152.6 milliún díolachán earraí féin-lipéid préimhe sa tréimhse 12 seachtaine, méadú €5.7 milliún bliain ar bhliain.

Mar sin féin tháinig an fás is láidre ar earraí féin-lipéid ‘value’, méadú 34% agus siopadóirí ag caitheamh €1 7.9 milliún sa bhreis ar na raonta sin.

In ainneoin na n-arduithe praghais, tá an margadh grósaeireachta níos iomaíche ná riamh, le siopadóirí ag lorg na margaí is fearr agus miondíoltóirí ag iarraidh custaiméirí a choinneáil, a dúirt Kantar.

Supermarket 2

‘Tá sé seo léirithe ag go leor ollmhargaí ag baint úsáide as a scéimeanna dílseachta chun cabhrú le siopadóirí airgead a shábháil,’ a dúirt siad. Maíonn beagnach 40% de shiopadóirí go n-úsáideann siad dearbháin i gcónaí, dar le Kantar.

Dúirt ceannaire Chumann Tomhaltóirí na hÉireann (Consumers’ Association of Ireland), Dermott Jewell: ‘Tá go leor daoine ag dul chuig an ollmhargadh uair nó dhó sa tseachtain, agus ceann de na fáthanna is ea go bhfuil siad ag fáil níos lú ar an airgead atá á íoc acu – sin é an ghné “shrinkflation”.’

Dúirt sé: ‘Tá na rudaí céanna á gceannach ag daoine ar pháipéar ach ní mhaireann siad chomh fada mar níl siad chomh mór – tá sé chomh simplí sin.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram