In am dúinn ‘deireadh a chuir le úinéirí sclábhaithe ar sráideanna Bhaile Átha Cliath

03/02/2023

Deir comhairleoirí Bhaile Átha Cliath nach mór dóibh deireadh a chur le onóra a thabhairt d’úinéirí sclábhaithe ar ár sráidainmneacha – agus tá sé in am dúinn níos mó áiteanna a ainmniú i ndiaidh ban.

Teastaíonn uathu liosta de na hainmneacha sráide go léir agus cad as a dtagann siad, ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal cad iad na sráideanna atá ainmnithe i ndiaidh tiarnaí talún na Breataine agus úinéirí sclábhaithe.

Dhiúltaigh comhairleoirí le déanaí do bloc árasán nua sa lárchathair a ainmniú mar Chúirt Gardiner mar gheall ar cheangal an ainm le Charles Gardiner, an chéad Iarla Blessington, atá faoi réir taighde leanúnach ar úinéireacht sclábhaithe.

Agus tá La Touche Bridge i bPortobello ainmnithe i ndiaidh William Digges La Touche a raibh a mhuintir ina úinéirí sclábhaithe sa Mhuir Chairib (Caribbean).

Ba é an Comhairleoir Neamhspleách Nial Ring a mhol iniúchadh (audid) a dhéanamh ar shráidainmneacha Bhaile Átha Cliath.

OConnell Street 1
Sráid Uí Chonaill

‘Chuirfeadh sé mearbhall ollmhór dá dtosaímid ag dul tríd na sráidainmneacha ar fad i mBaile Átha Cliath agus á n-athrú, ach léimeann cuid de na cinn is soiléire amach, le hainmneacha ríthe agus banríona mar shampla,’ a dúirt sé le Drivetime ar RTÉ.

Dúirt sé gur cheart do Shráid Nassau, atá nasctha le William of Orange, a sean-ainm a fháil ar ais, Lána Tobar Naomh Pádraig.

‘Is féidir linn an cheist a chur, ach is cinnte gur mhaith linn breathnú ar na cinn a d’fhéadfadh a bheith bainteach le trádáil na sclábhaithe,’ ar sé.

D’admhaigh an Comhairleoir Ring go mbeadh athrú sráidainmneacha ina ábhar ‘íogair’ (sensitive) d’aontachtaithe sa Tuaisceart.

‘Níl mé ag iarraidh ainm gach sráide i mBaile Átha Cliath a athrú. Is é an rud atá á rá agam ná déanaimis díospóireacht faoi,’ a dúirt sé.

Henrietta 768x555 1

Dúirt Comhairleoir an Chomhaontais Ghlais Janet Horner go dtacódh sí leis an bplean le haghaidh iniúchadh.

‘Tá oidhreacht stairiúil sráidainmneacha againn in Éirinn. Baineann go leor acu le húinéirí talún móra, lucht uaisle-aicme na Breataine agus cineálacha éagsúla a raibh poist cumhachta acu i mBaile Átha Cliath,’ a dúirt sí le Newstalk Breakfast.

Dúirt sí go dtagann ainmneacha Shráid Grafton agus Sráid Anraí ó úinéirí talún na Breataine, agus gur beag sráideanna atá ainmnithe i ndiaidh ban.

‘Léiríonn píosa taighde a rinne Conor O’Neill le déanaí nach bhfuil ach ceithre, b’fhéidir cúig sráid ainmnithe i ndiaidh ban,’ a dúirt an Comhairleoir Horner.

‘Nó sráideanna cosúil le Sráid Henrietta, atá ainmnithe i ndiaidh bhean chéile an Diúc don cheantar, cé gur ainm álainn é, dar liom.’

Nuair a bunaíodh an stát, athraíodh roinnt ainmneacha sráide. Rinneadh Sráid Uí Chonaill de Shráid Sackville agus rinneadh Sráid an Phiarsaigh de Shráid Great Brunswick. Mar sin féin, níor tháinig aon athrú ar fhormhór na sráidainmneacha.

‘Sílim gur cheart go mbeadh a fhios againn cad iad cuid de na hainmneacha seo agus cén tábhacht a bhaineann leo, agus ba cheart go mbeadh an comhrá sin againn,’ a dúirt an Comhairleoir Horner.

‘Sílim gur cheart dúinn a bheith eolach air agus muid ag ainmniú áiteanna nua.’

Dúirt sí leis an Irish Daily Mail: Ceann de na cinn a moladh le déanaí ná La Touche Bridge i bPortobello, atá mar chuid de theaghlach La Touche, agus an ceangal atá acu leis an sclábhaíocht sa Mhuir Chairib. Mar sin b’fhéidir, sin ceann a d’fhéadfaimis a bhreithniú air.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram