Cosc ar ‘Delilah’ ag cluichí rugbaí. Ach éist le leagan iontach greannmhar ‘Gaeilge’ ó Brendan Grace

Do lucht rugbaí na Breataine Bige is amhrán íocónach é Delilah atá cosc air anois; ach do lucht leanúna Brendan Grace , is iontach an leagan magúil ‘Gaeilge’.

Tá lucht leanúna na Breataine Bige ag scairt ‘Slán, slán, slan, Delilah!’ tar éis do cheannairí rugbaí cosc a chur ar chóir amhrán Tom Jones a chanadh roimh chluichí.

Tá sé ráite ag Tom, 82, nár cheart amhrán na bliana 1968 – faoi leannán ag sá a pháirtí mídhílis  (unfailthful) – a ghlacadh go litriúil. Dúirt sé go mbíonn sé ‘bródúil as a bheith Bhreatnais’ nuair a chloiseann sé é ag cluichí.

Brendan Grace Feature Image 768x448 1
Brendan Grace

Leagan Brendan Grace
de Delilah as ‘Gaeilge’
CLIC ANSEO

Ach d’fhógair Aontas Rugbaí na Breataine Bige (Welsh Rugby Union) inné nach mbeidh Delilah á sheinm anois ag bannaí ag Staidiam Principality Caerdydd (Cardiff), ná ag cór le linn na Sé Náisiún atá le teacht.

Tá an Aontas i lár géarchéime faoi láthair mar gheall ar maímh (claims) maidir le cultúr ‘tocsaineach’ de bhulaíocht ghnéasach, chiníoch agus homafóbach.

Áirítear leis an amhrán na focail:

‘She stood there laughing.

I felt the knife in my hand

And she laughed no more.’

Ach mar a deir Brendan Grace:

‘She stood ag gaire

I felt the scian in me lámh

And she gaired nó more.’

Deirtear go bhfuil ceannairí scanraithe ag físeán an tseachtain seo de chór fear as Gurnsey ag cleachtadh an amhrán roimh.

Beidh an Bhreatain Bheag ag imirt in aghaidh na hÉireann freisin, Dé Sathairn seo ag 2.15pm i gCaerdydd.

tomjones 1
Tom Jones

Is é Teachta Parlaiminte (MP) de chuid an Lucht Oibre na Breataine Bige, Chris Bryant, atá i gceannas ar an bhfeachtas chun an t-amhrán a thoirmeasc (prohibit). Dúirt sé: ‘Nuair a bhíonn cluichí móra idirnáisiúnta rugbaí ar siúl, agus uaireanta cluichí peile chomh maith, ardaíonn líon na n-eachtraí foréigean baile go mór.

‘Tá a fhios agam go ndéarfaidh daoine áirithe, ‘Ó, seo é aris, is “spoilsport”uafásach é’, ach is í an fhírinne go bhfuil an t-amhrán sin faoi dhúnmharú striapach.’

Dúirt Sylvan Whittingham, a chomh-scríobh na liricí, áfach: ‘Is é an chúis go bhfuil níos mó foréigean baile tar éis cluichí rugbaí ná go bhfuil fir ag ól, mná céile ag gearán faoi, agus ansin faigheann siad buailte.

‘Ná cuir an milleán ar Delilah as seo go léir – cuir an milleán ar bheoir. Níl aon fhianaise in áit ar bith gur striapach í [Delilah].’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram