‘Reckless’: Bhí Alec Baldwin ‘ar an bhfón leis an gunna’ nuair a maraíodh Halyna Hutchins

Bhí Alec Baldwin ‘reckless’ ar an bhfón le ball dá chlann agus é ag oiliúint gunna do scannán inar lámhaigh sé cineamatagrafaí, a dúirt ionchúisitheoirí.

Chúisigh siad é go foirmiúil i ndúnorgain ainneonach (voluntary manslaughter) as lámhach marfach an cineamatagrafaí Halyna Hutchins..

Dúirt na hoifigigh i Santa Fe go raibh ‘go leor samplaí de ghníomhartha thar a bheith meargánta (reckless)’ a rinne anm aisteoir.

Tá an t-aisteoir Alec Baldwin cúisithe as dúnorgain ainneonach (involuntary manslaughter) as lámhach marfach an cineamatagrafaí Halyna Hutchins.

Dúirt an t-Ionchúisitheoir Dúiche Mary Carmack-Altwies, ar an 19 Eanáir, go gcuirfidh sí na táillí isteach faoi dheireadh na míosa. Agus anois tá sí déanta.

alec baldwin gun Halyna Hutchins rust feat 768x448 1
Halyna Hutchins agus Alec Baldwin

D’fhéadfadh Baldwin 18 mí a chaitheamh sa phríosún agus gearradh fíneáil $5,000 a fháil má fhaightear ciontach é.

Maraíodh Hutchins nuair a bhí Baldwin ag cleachtadh le gunnán, ach bhí fíor-urchair ann a bhuail í agus stiúrthóir an scannáin Joel Souza, a tháinig slán as.

Dúirt Baldwin nár cheart riamh fíor-urchair a cheadú ar sheit scannáin. Dúirt sé gur dúradh leis go raibh an gunna ‘fuar’, téarma tionscail a chiallaíonn go raibh sé sábháilte le húsáid.

Alec Baldwin 1

In agallamh teilifíse in 2021, dúirt an t-aisteoir le ABC News nár tharraing sé ‘trigger’ an gunnáin Pietta .45-caliber Colt, agus gur scaoil sé tar éis dó a bheith ag cleachtadh ós comhar an ceamara le Ms Hutchins.

Ach de réir tástáil fhóiréinseach an FBI bhí an gunnán ‘ag feidhmiú de ghnáth’ agus ní scaoilfeadh sé piléar gan an ‘trigger’ a tharraingt.

Cúisítear Baldwin agus Hannah Gutierrez-Reed, a bhí i gceannas ar na gunnáin ar an scannán, as dhá chomhaireamh dúnorgain ainneonach.

Faoi dhlí Nua-Mheicsiceo, feileonacht ceathrú céim is ea dúnorgain ainneonach, agus is féidir pionós príosúin suas le 18 mí agus fíneáil $5,000 a ghearradh air.

alec balwoinvictim

D’fhógair Ms Carmack-Altwies na cúisimh tar éis níos mó ná bliain imscrúdaithe ar lámhach Deireadh Fómhair 2021 ar an scannán, Rust, lasmuigh de Santa Fe.

Dúirt sí: ‘Tar éis athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar fhianaise agus ar dhlíthe stát Nua-Mheicsiceo, chinn mé go bhfuil dóthain fianaise ann chun cúisimh choiriúla a chuir i gcoinne Alec Baldwin agus baill eile den fhoireann scannán ‘Rust’.

‘Ar mo seal, níl aon duine os cionn an dlí, agus tá ceartas tuillte ag gach duine.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram