Ní bheidh Katie ós comhair 80,000 i Croker … ach roimh 9,000 le ticéid daor sa 3Arena

02/02/2023

Ní bheidh teacht abhaile Katie Taylor os comhair 80,000 i bPáirc an Chrócaigh, ach roimh 9,000, agus meastar go mbeidh praghsanna ticéid chomh hard le €140.

Beidh an t-athimirt idir Katie Taylor agus Amanda Serrano ar siúl i mBaile Átha Cliath ar 20 Bealtaine – ach ní hé an fháilte mhór a bhí na mílte lucht leanúna ag iarraidh a thabhairt di i mBaile Átha Cliath.

Anuraidh nuair a bhuaigh Katie in aghaidh Serrano dúirt sí gurb é an t-aon mhothú a d’fhéadfadh a bheith níos fearr ná an bua sin ná troid sa bhaile i bPáirc an Chrócaigh.

Ba é sin ‘the stuff of my dreams’, a dúirt sí

Tháinig deireadh leis an aisling maidir le filleadh abhaile do churaidh an Domhain i bPáirc an Chrócaigh toisc nach raibh an tionscnóir Matchroom sásta costas cíosa an CLG don staidiam a íoc.

katie
Katie Taylor

Mhaígh Eddie Hearn, cathaoirleach Matchroom – a chuir troideanna gairmiúla Taylor ar fad chun cinn – go raibh an CLG ag éileamh trí oiread an méid a chosnaíonn sé Staidiam Wembley a fháil  le haghaidh troid.

Beidh an freastal ar an 3Arena teoranta do thart ar 9,000 lucht leanúna.

Nuair a chuaigh Taylor agus Serrano in achrann i Madison Square Garden i mí Aibreáin seo caite bhí tinreamh díolta amach de 19,187 agus meánphraghas an ticéid thart ar €70.

Is dócha go mbeidh meánphraghas na dticéad don seó ar an 20 Bealtaine ar a laghad dhá oiread an fhigiúr sin.

Beidh díomá searbh ar daoine nach mbeidh an seó os comhair 80,000 ag dul ar aghaidh i bPáirc an Chrócaigh.

Beidh an troid féin fós ina ócáid stairiúil don dornálaíocht ghairmiúil in Éirinn mar gurb é seo an chéad uair ag Taylor troid ar thalamh na hÉireann mar ghairmí.

Katietaylor8

Ach tá dul ar aghaidh na troide ag brath ar Serrano ag fáil an lámh in uachtar ar Erika Cruz ó Meicsiceo agus a bheith mar an curadh meáchain cleite domhanda gan amhras. Beidh an troid sin ag Amharclann Hula ag Madison Square Garden oíche Dé Sathairn.

Beidh Taylor i láthair don troid sin.

Ceaptar go mbeidh an bua ag Serrano, agus ar choinníoll go dtiocfaidh sí slán as, fógrófar an troid i gcoinne Taylor i Nua-Eabhrac agus beidh preasagallamh eile beartaithe do Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn.

Ba é an chéad troid le Taylor in aghaidh Serrano an chéad chomórtas ban a bhí ar barr an bhille ag Madison Square Garden.

Fuair sé go leor duaiseanna Troid na Bliana nuair a bhain Taylor bua tromlaigh amach le fanacht mar churaidh éadrom gan aighneas agus gan sárú ar an Domhan.

Anois, tá súil againn go mbeidh ar a laghad chuid dá lucht leanúna in Éirinn in ann an trodaire as Bré a fheiceáil ag cosaint an teidil sin sa bhaile Dé Sathairn 20 Bealtaine sa 3Arena.

Beidh sé ar siúl an lá céanna le cluiche ceannais Chorn Seaimpíní Heineken rugbaí sa chathair sa Staid Aviva.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram