Deir an Taoiseach go ‘gcaithfeadh go raibh sé curtha ar an eolas’ faoi straitéis maidir le táillí tithe altranais

Tá sé ráite ag an Taoiseach leis an Dáil go ‘gcaithfeadh go raibh sé curtha ar an eolas’ faoi straitéis dlí an Stáit maidir le táillí tithe altranais.

Tagann a ráiteas tar éis conspóide atá ag dul i méid faoi straitéis an stáit maidir le déileáil le roinnt othar scothaosta agus leochaileacha agus an méid a bhí ar eolas ag  airí agus iar-airí faoi.

Tá an Rialtas á cheistiú faoi an méid a bhí ar eolas ag polaiteoirí faoi straitéis Stáit chun cur in aghaidh éilimh ó dhaoine a chreid gur gearradh táille mícheart orthu féin, nó ar ghaolta, as cúram tí altranais.

Thosaigh an chonspóid is déanaí nuair a thuairiscigh an Irish Mail on Sunday go raibh íocaíochtaí rúnda do theaghlaigh a raibh an iomarca táille orthu as cúram teach altranais.

Leo Nursing Home 768x448 1
Leo Varadkar

‘Bhí eolas ag Varadkar
faoi íocaíochtaí rúnda’,
de réir tuairisc. CLIC ANSEO

Thuairiscigh go raibh ionchas (prospect) €12billiún dliteanais (liability) mar chúiteamh ar an Stát do na céadta mílte teaghlach ar cúisíodh go mícheart iad as cúram a muintire thar 30 bliain.

Thuairiscigh sé freisin go raibh a fhios ag roinnt iar-airí agus airí reatha faoi.

Mar sin féin, dúirt an tUasal Varadkar le The Pat Kenny Show ar Newstalk Dé Luain nach raibh sé ‘riamh ina pháirtí i straitéis dlí a cheapadh nó a chomhaontú maidir le táillí tithe altranais’.

Ansin dúirt sé leis an Dáil inniu (Dé Máirt) go ‘gcaithfeadh go raibh sé curtha ar an eolas’ faoi.

Agus rinne sé cur síos air mar ‘sound policy approach and a legitimate legal strategy’.

Dúirt sé go raibh an smaoineamh gur chuir rialtais cosc ar dhaoine a fháil aisíocaíochtaí a raibh siad i dteideal ‘far fetched’.

mary lou mcdonald 1 1 768x448 2
Mary Lou McDonald

Mar sin féin, chuir ceannaire Shinn Féin i leith an Stáit as iallach a chur ar dhaoine scothaosta íoc as cúram teach altranais.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh rialtais i ndiaidh a chéile tar éis dul i mbun straitéis cruachroíoch agus a fhios acu gurbh iad na daoine is boichte a mbeadh thíos leis.

Dúirt sí gur plean cúramach a bhí ann chun stop a chur le daoine a gcuid airgid a fháil ar ais agus go raibh straitéis ag an rialtas chun a rian a chlúdach.

Tiocfaidh Coiste Sláinte an Oireachtais le chéile chun an cheist a phlé, agus is dócha go n-iarrfaidh roinnt Teachtaí Dála ón bhfreasúra go n-iarrfadh ar iar-airí sláinte, an tUasal Varadkar ina measc, teacht os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn.

Chuala an Dáil go bhfuil an tArd-Aighne anois ag ullmhú tuarascála don Rialtas ar an ábhar agus foilseofar í tar éis di dul faoi bhráid na Comh-Aireachta an tseachtain seo chugainn.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram