Bhí eolas ag an Taoiseach Leo Varadkar le faoi íocaíochtaí rúnda do theaghlaigh ar gearradh an iomarca orthu as cúram tí altranais, de réir tuairisc san Irish Daily Mail inniu.
Deir an scéal sa nuachtán go léiríonn doiciméid na Roinne Sláinte go raibh na híocaíochtaí ‘signed off’ ag an tUasal Varadkar.
Bhí ionchas (prospect) €12billiún dliteanais (liability) mar chúiteamh ar an Stát, do na céadta mílte teaghlach ar cúisíodh go mícheart iad as cúram a muintire thar 30 bliain.
Dúirt an Taoiseach le The Pat Kenny Show ar Newstalk inné nach raibh sé ‘riamh páirteach i straitéis dlí a cheapadh nó a chomhaontú maidir le táillí tithe altranais’.
Léiríonn doiciméad rúnda, áfach, gur cheadaigh an tUasal Varadkar leanúint de pholasaí cúitimh agus gur cheart cásanna a thabharfar a réiteach laistigh de 40%-60% de luach an éilimh, de réir an tuairisc.
Léirítear i gcáipéis rúnda ar leith freisin gur tugadh foláireamh in 2017 do bheirt Airí Comh-Aireachta reatha, an tAire Breisoideachais Simon Harris agus an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee faoi na rún daingean dlí.
Thug an meamram (memo) foláireamh don Uasal Harris, Ms McEntee agus an tArd-Aighne Máire Whelan ansin faoin tábhacht a bhaineann le bainistiú a dhéanamh ar an dlíthíocht (litigation) fhadchónaithe stairiúil ‘le fíorchúram, discréid agus rúndacht mar gheall ar an leibhéal an-suntasach dliteanais a bhféadfadh an Stát a bheith faoi lé dá bharr toradh diúltach’.
Ag am an mheamraim, bhí 220 cás fós gan réiteach. Fuair an Irish Daily Mail é trí nochtadh cosanta (protected disclosure) a rinne an sceithire (whistleblower) Shane Corr.
Ag an deireadh seachtaine, thug an Irish Mail on Sunday le fios gur aontaigh taoisigh agus airí sláinte as a chéile le plean rúnda chun fíorscála dhliteanais an Stáit i leith táillí mídhleathacha tithe altranais a cheilt, mar iarracht cosc a chur ar eisíocaíochtaí ollmhóra.
Deimhníonn na comhaid rúnda go bhfuil ionchas €12 billiún ag an Stát mar chúiteamh ar na céadta mílte teaghlach ar cúisíodh go mícheart iad as cúram a ngaolta thar 30 bliain.
I go leor cásanna, d’fhulaing teaghlaigh leochaileacha cruatan airgeadais an-mhór mar thoradh ar na táillí mídhleathacha.
Ghníomhaigh ceannairí sinsearacha rialtais ó Fhianna Fáil, Fhine Gael, an Lucht Oibre agus na Progressive Democrats chun aisíocaíochtaí arbh fhiú na billiúin iad a chosc.
Dhiúltaigh an t-iar-Thaoiseach Enda Kenny labhairt faoi aon eolas a bheadh aige ar an gconspóid inné, agus dúirt an t-iar-aire airgeadais Michael Noonan leis an Irish Daily Mail: ‘I don’t know what you are talking about’, agus dúirt sé nach mbeadh sé ag caint faoi.
Dúirt iar-Tánaiste agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Eamon Gilmore nach raibh aon chuimhne aige ar a bheith curtha ar an eolas faoi.
Is cosúil go bhfuil doiciméad faisnéise rúnda don rúnaí cúnta (assistant secretary) ag an Roinn Sláinte, ón 5 Bealtaine 2016, an lá sular éirigh an tUasal Varadkar as a phost mar Aire Sláinte, ag teacht salach ar thuairimí an Taoisigh inné faoi a bheith aineolach (unaware) faoi ‘ploy’ an Stáit gan íoc as ar táillí mídhleathacha ar thithe altranais.
Maidir le ‘socruithe’, leagtar amach sa nóta comhairle dlí na roinne ‘i gcoinne follasú (discovery)’ agus deir go bhfuil sé ‘riachtanach na cásanna is airde a réiteach’.
Deir sé: ‘Ní mór dúinn smaoineamh ar conas na cásanna atá fágtha a bhainistiú chun an toradh is cost éifeachtaí a bhaint amach, costais dlí a laghdú agus, a mhéid is féidir, tionscnamh dlíthíochta breise i gcoinne an Stáit a sheachaint.
‘Tá roinnt cásanna socraithe ag an Roinn gach bliain le déanaí ó 2007 i leith agus i ngach cás tá iniúchadh déanta aici ar gach rogha maidir leis an gcás a rith, nó eile.
Faoi láthair, níl aon phríomhchúis soiléir ann, agus mar sin is é socrú, don luach eacnamaíoch is fearr, an beart is oiriúnaí.”
Go ríthábhachtach, léiríonn an nóta go raibh an tUasal Varadkar, mar Aire Sláinte, páirteach i leanúint leis an mbeartas socraíochta maidir le híocaíochtaí tithe altranais.
‘In éagmais cás téacs oiriúnach, tá sé aontaithe ag an Aire agus ag an AGO [Oifig an Ard-Aighne], go ndéanfar socrú laistigh den raon 40% go 60% de luach caipitil an éilimh agus ar an mbarr is fearr téarmaí is féidir,’ a léann an nóta faisnéise.
Tháinig na triúr ceannairí páirtí na comhrialtais le chéile aréir roimh chruinniú seachtainiúil na Comh-Aireachta a bhí acu inniu.
Nocht an Irish Daily Mail freisin doiciméad faisnéise a ullmhaíodh don Uasal Harris agus do Ms McEntee in 2017 faoin tábhacht a bhaineann le bainistiú na dlíthíochta fadfhanachta (long stay), ‘with extreme care, discretion and confidentiality due to the very substantial level of liability to which the State could potentially be exposed’.
Dúirt urlabhraí an Uasail Harris nach bhfuil rochtain aige ar an gcáipéis ábhartha agus nach bhfuil sé ina Aire Sláinte ó 2020.
Dúirt sí: ‘Tá an tAire i dteagmháil leis an Roinn Sláinte ar an ábhar seo. Feiceann sé gur iarradh ar an Ard-Aighne na hábhair seo a scrúdú.’
Dúirt urlabhraí don Uasal McEntee go raibh sí ar saoire agus nach raibh sí in ann freagra a thabhairt ar cheisteanna ón Irish Daily Mail.
Shéan an Tánaiste Micheál Martin inné go raibh sé ar eolas ‘ar aon straitéis dlí nó meamram ar tháillí tithe altranais’.
Tá iarrtha ag an Rialtas ar an Ard-Aighne breathnú ar an gceist. Beagnach cuireadh deireadh le gairm pholaitiúil an Uasail Martin i 2005 nuair a tháinig an chonspóid chun cinn den chéad uair, tar éis 28 bliain de ‘overcharging’ neamhdhlisteanach ar othair. In 2005, bhí coinbhleachtaí fianaise i dTuarascáil Travers ón Uasal Martin, an tAire Sláinte ag an am, agus óna rúnaí ginearálta Michael Kelly.
Mhaígh an tUasal Kelly gur chuimhin leis go soiléir na saincheisteanna dlí a d’eascair as comhairle boird sláinte ar na cúisimh a phlé faoi dhó leis an Uasal Martin, a dúirt nach bhfuair sé a leithéid de chomhairle.
Dúirt urlabhraí Rialtais inné: ‘Bhí an straitéis dlí ann roimh Iúil 2011 agus lean rialtais i ndiaidh a chéile í. “It has been misrepresented”.
‘Ba é an straitéis ná na cásanna a bhain le tithe altranais príobháideacha a chosaint ar fhorais éagsúla (several grounds), go háirithe nach raibh teidlíocht neamhcháilithe ag sealbhóirí cárta leighis ar chúram tithe altranais príobháideacha saor in aisce.
‘Socraíodh líon teoranta cásanna aonair ina raibh fachtóirí casta. Níor chuaigh aon chás ar aghaidh chuig éisteacht riamh. I gcás tithe altranais poiblí, cuireadh scéim i bhfeidhm agus íocadh €480 milliún le hiarchónaitheoirí nó lena dteaghlaigh. D’iarr [An tAire Sláinte Stephen] Donnelly ar comhairle ar an Ard-Aighne agus faisnéisiú mionsonraithe óna roinn.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.