Cé go bhfuil neart comhrá ar na meáin shóisialta faoi Dancing with the Stars agus an ‘Strictly Curse’ tá Paul Brogan ró-ghnóthach ag dul ar aghaidh lena pháirtí rince le bheith buartha faoi.
lena chois sin, d’ainneoin a chuid scileanna ar pháirc an CLG, admhaíonn sé gurbh ionann a chéad chéimeanna ar Dancing With The Stars agus a bheith ‘ag foghlaim conas siúl arís’.
D’admhaigh an buaiteoir cluiche ceannais na hÉireann do na Dubs go bhfuil sé ag baint taithneamh as Dancing With The Stars ach tá sé taobh amuigh dá ‘comfort zone’.
Agus cé go bhfuil a theaghlach cáiliúil, lena n-áirítear na buaiteoirí cluiche ceannais na hÉireann Alan agus Bernard, ag magadh faoi as a bheith insan gcomórtas damhsa, tá Paul buíoch as a dtacaíocht.
‘Tháinig siad go dtí an chéad chúpla seó. Tá siad thar a bheith sásta leis,’ dúirt sé.
‘Tá seó damhsa ar siúl agat agus ní raibh tú ag damhsa riamh cheana – tá tú i bhfad amach as do “comfort zone”.
‘Cibé bealach atá á dhéanamh agam anois, ba chóir go bhfaca sibh mé ocht seachtaine ó shin. Bhí sé cosúil a bheith ‘ag foghlaim conas siúl arís’ ar seisean ag magadh.
Tá an iar-peileadóir Bhaile Átha Cliath ag dul i dtaithí ar a shaol ar an urlár rince faoi láthair lena chomhpháirtí gairmiúil Salome Chachua, tar éis dó an chéad ‘Elimination’ sa chomórtas RTÉ a sheachaint.
Leis an raon feisteas risqué atá aige, tá go leor aird á tharraingt ar shaol grá Paul.
Tá sé deimhnithe aige go bhfuil sé singil, ach áitíonn sé nár chuir an ‘Strictly Curse’ isteach ar é féin agus Salome go foil.
‘Níor tharla sé dom anois, ach feicim gur cinnte go bhféadfaidh sé tarlú,’ a dúirt sé.
Nuair a cuireadh ceist air faoi Salome agus an bhfuil sí singil, dúirt Paul nár ‘iarr sé uirthi i ndáiríre’ go fóill.
Dúirt sé go bhfuil sé ‘ag díriú ar an damhsa’.
Ach chuir sé béim ar a thábhachtaí atá sé nasc láidir a bheith aige lena pháirtí rince.
Mhínigh sé: ‘Mura bhfuil nasc ann, ní nach n-oibríonn sé, ach is cinnte go gcabhraíonn sé.
‘Caithfidh tú a bheith ag obair go maith le do pháirtí rince. ‘Ar an gcéad dul bheadh sé le feiceáil le linn cleachtaidh. Ansin bheadh sé le feiceáil ar
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.