Tá realta ceann de na scannán X-Men agus an scannán de chuid James Bond GoldenEye tar éis a OBE a thabhairt ar ais mar agóid in aghaidh ‘toxic’ Impireacht na Breataine.
Dúirt Alan Cumming go ndearna sé an cinneadh é a thabhairt ar ais tar éis éisteacht le comhráite faoi thodhchaí theaghlach ríoga na Breataine (British royal family) tar éis don bhanríon bás a fháil.
Tá aithne ar Cumming as a róil sa scannán de chuid James Bond, Goldeneye le Pierce Brosnan, agus X2 an sequel do X-Men. Bhí sé mar réalta san triológ Spy Kids agus The Good Wife.
Rinneadh OBE don aisteoir Albanach, in 2009 as a chuid aisteoireachta, agus as a chuid oibre ag feachtasaíocht ar son cearta LGBTQ+ sna Stáit Aontaithe. Bhí sé 58 bliain d’aois inniu (Dé hAoine).
Nuair a fuair sé an OBE dúirt sé go raibh sé ‘thar a bheith sásta’ leis ach tuigeann sé anois gur osclaíodh a shúile le comhráite faoi ról na monarcachta tar éis bhás na banríona.
Dúirt Cumming, a dhéanann óstáil ar an leagan Meiriceánach den chlár teilifíse The Traitors freisin, gur as a chuid aisteoireachta a bhí an OBE, ach freisin ar son ‘gníomhaíochta ar son cearta comhionanna don phobal aerach agus leispiach sna SAM’.
Mar sin féin, dúirt sé: ‘Go raibh maith agaibh, tá dlíthe sna SA athraithe.’
Ag scríobh dó ar Instagram ar a 58ú breithlá, dúirt sé: ‘D’oscail mo shúile le bás na banríona agus na comhráite ina dhiaidh sin faoi ról na monarcachta, agus go háirithe an chaoi ar bhain Impireacht na Breataine brabús as costas (agus bás) na bpobal dúchasach ar fud an domhain.’
Dúirt sé: ‘Táim ar ais anois go dtí a bheith simplí Alan Cumming arís. Lá breithe shona dom!' Seasann OBE don Oifigeach d’Ord Impireacht na Breataine (Order of the British Empire).
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.