Is iníon í Kaia Gerber don iar-supermodel Cindy Crawford agus tá sí sásta a admháil gur chabhraigh a máthair léi ina slí bheatha.
Ach tá an-rath ar Kaia ó shin ar an ardán taispeána (catwalk) mar mainicín faisin (fashion model) inti féin.
Agus deir sí nach bhfuil an finíochas (nepotism) sin chomh coitianta agus a cheapann go leor daoine.
Labhair sí amach mar gheall ar an treocht is déanaí sna meáin chun gearán a dhéanamh faoin bhfeiniméan Nepo Baby.
Tá Kaia, 21, a bhfuil a máthair Cindy 56 bliain d’aois, ag seoladh gairm bheatha aisteoireachta tar éis cúig bliana mar mhainicín faisin do dhearthóirí (designers) is fearr.
Sheas sí le haghaidh photoshoot don leagan Meiriceá de Elle agus dúirt sí leis an iris: ‘Ní shéanfaidh mé an phribhléid atá agam.
‘Fiú mura bhfuil ann ach go bhfuil foinse iontach eolais agam agus duine éigin le comhairle iontach a thabhairt dom – is dóigh liom féin go bhfuil an t-ádh dearg orm.’
Dúirt sí: ‘Sea, tá nepotism i réim, ach is dóigh liom dá mbeadh sé mar a deir daoine faoi, go bhfeicfimid níos mó de.’
Dúirt sí freisin: ‘Bhí mo mháthair i gcónaí ag magadh, “Dá bhféadfainn glaoch ar Chanel agus feachtas a eagrú, is mise agus ní tusa a bheadh ann!”
‘Ach bhuail mé freisin le daoine iontacha trí mo mháthair a mbím ag obair leo anois.’
Beidh Kaia, a bhfuil a hathair ina tycoon gnó i Meiriceá Rande Gerber, ina réalta sa scannán grinn gnéis nua Meiriceánach do dhéagóirí, Bottoms.
Dúirt sí nach raibh an nepotism chomh mór sin le róil scannáin agus teilifíse, ag áitiú: ‘Le haisteoireacht, tá sé chomh difriúil.
‘Ní dhéanfaidh aon ealaíontóir a fhís a íobairt, do leanbh duine éigin. Ní hé sin an chaoi a ndéantar ealaín agus is é an ealaín a bhfuil spéis agam ann.
‘Chomh maith leis sin níl aon duine ag iarraidh oibriú le duine atá cráite… agus nach bhfuil cineálta.’
Tagann a cuid tuairimí amach, tar éis don irisleabhar, ‘New York’, liosta conspóideach de dhaoine atá ina ‘Nepo Baby’ a fhoilsiú – réaltaí atá cúisithe as rath a fháil mar gheall ar thuismitheoirí cáiliúla.
Tá an t-agallamh le Kaia le feiceáil in eagrán Feabhra de US Elle.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.