€700 le híoc gach lá ó 2pm inniu? Deir breitheamh le Enoch Burke go bhfuil a ghníomhartha thar a beith ‘surreal’

27/01/2023

Dúirt breitheamh le Enoch Burke go ngearrfar fíneáil €700 air inniu, agus gach lá , mura ndeir sé go gcloífidh sé le rialacha na cúirte faoi 2pm inniu.

Agus dúirt an Breitheamh Brian O’Moore mura n-oibríonn sé sin, go bhféadfaí an fhíneáil a ardú.

Gearrfar fíneáil ar an Uasal Burke mura gcuireann sé deireadh lena fhreastal ar a iar-scoil atá ‘utterly pointless’, a dúirt sé.

Dúirt sé , san Ard-Chúirt, gur léir nár ghlac an tUasal Burke le bailíocht (validity) an ordaithe cúirte, a fuair an scoil chun a chinntiú go bhfanfadh sé uaidh.

Enoch Burke 4 2 1168x681 1

Bhí an tUasal Burke fós ag tabhairt neamhaird don chúirt maidin inné nuair a tháinig sé go dtí an scoil arís, in anneoin iarrachtaí Scoil Otharlann Wilson (Wilson’s Hospital school) i gCo na hIarmhí.

Agus nuair a bhí sé ag fágáil na scoile inné, dúirt an tUasal Burke go bhféadfadh an t-ordú cúirte duine éigin a dhéanamh ina ‘pauper’.

Rinne sé gearán go raibh sé ag coigilt ar éarlais (saving for a deposit) tí le linn a cheithre bliana sa scoil. Chuir sé síos ar an tsuim de €700 mar ‘suim uafásach airgid’ ach ní thabharfadh sé freagra nuair a fiafraíodh de an gcloífeadh sé leis an ordú cúirte anois.

Enoch Burke Released 6 480x672 1
Enoch Burke Pic: Conor Ó Mearáin / Collins Photo Agency

Tagann an rialú i ndiaidh beart smachta a ghlac an scoil anuraidh tar éis don Uasal Burke diúltú glaoch ar dhalta a bhí ag aistriú inscne faoina ainm nua agus an forainm ‘siad’.

Dúirt an Breitheamh O’Moore nach raibh an ceart ag an Uasal Burke a rá nach raibh ‘aon rud mícheart’ déanta aige.

‘Tá sé tar éis ordú cúirte a shárú arís agus arís eile gan leithscéal, rud a chuir isteach ar oibriú scoile a n-éilíonn sé go bhfreastalaíonn sé uirthi,’ a dúirt an breitheamh.

‘Tá cinneadh déanta agam go n-íocfaidh an tUasal Burke fíneáil laethúil de €700 mura nglanann sé a dhíspeagadh (purge his contempt),’ a dúirt sé.

‘Is ionann é seo agus beagnach €5,000 in aghaidh na seachtaine. Ba cheart go gcuirfeadh an figiúr seo ina luí ar an Uasal Burke deireadh a chur lena fhreastal ar scoil nach dteastaíonn uaithi ar a maoin.’

Enoch Burke 6 768x448 1

Dúirt sé freisin: ‘Mura mbíonn an éifeacht inmhianaithe (desired) ag an bhfíneáil laethúil atá á gearradh anois ar an Uasal Burke, is féidir i gcónaí í a mhéadú.’

Dúirt sé go raibh go dtí 2pm inniu ag an Uasal Burke chun a rá leis an gcúirt go gcloífeadh sé leis an ordú fanacht amach ón scoil, agus an díspeagadh a ghlanadh dá bharr.

Mura ndéanann sé amhlaidh, beidh an chéad lá den fhíneáil inniu.

Dúirt an Breitheamh O’Moore go ndéanfadh sé an cheist a liostú arís ar an 10 Feabhra.

Má leanann an tUasal Burke ar aghaidh gan glacadh don ordú cúirte, dúirt sé go mbreithneodh sé ar cén leibhéal fíneála laethúil is dócha a d’athródh a iompar.

Dúirt an breitheamh go ndéanfadh sé cinneadh freisin ar cé ar cheart dó na costais dlí a bhaineann le hiarratas na scoile a íoc.

Dúirt sé: ‘Tá an chúis a thug an tUasal Burke lena fhreastal – go raibh sé ar an scoil “chun oibre” – thar a bheith “surreal”.

enochWilsonsHospital COI 2

‘Níor tugadh rochtain dó ar sheomra ranga, is léir nach raibh sé ar an uainchlár chun ceachtanna a thabhairt agus d’iarr údaráis air na scoile air imeacht.

‘Ní féidir sé a bheith fíor go raibh an tUasal Burke ag súil, go fírinneach, go mbeadh cead aige aon dualgas a chomhlíonadh.’

Dúirt sé gur chuir sé ceist ar an Uasal Burke faoina shócmhainní (assets) agus a ioncam, lena n-áirítear ioncam ó ‘grinds’, ach gur dhiúltaigh an tUasal Burke an fhaisnéis a thabhairt dó.

Mheas an scoil go raibh a thuarastal thart ar €48,000 sa bhliain ón Roinn Oideachais.

Ar an 16 Feabhra, éistfidh an Chúirt Achomhairc le hachomharc an Uasail Burke i gcoinne an ordaithe cúirte fanacht amach ón scoil.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram