‘Ná tabhair comhairle mhorálta’: Sin comhairle ó fhealsamh morálta sinsearach

Is maith linn comhairle a thairiscint do chara ach d’fhéadfadh sé a bheith mímhorálta freisin, de réir fealsúnachta nua.

Mura dtaitníonn leat an duine atá do chara a phósadh, nó má deir siad go bhfuil siad chun éirí as a bpost dea-íoctha, b’fhéidir gur mhaith leat comhairle a thabhairt.

Ach le cur isteach ar chinntí móra cara nó duine de do theaghlach d’fhéadfadh ‘ceart morálta ríthábhachtach’ a shárú, dar le fealsamh mór le rá.

Creideann an Dr Farbod Akhlaghi ó Ollscoil Cambridge i Sasana go bhfuil dualgas orainn ligean do dhaoine eile ‘roghanna trasfhoirmeacha’ a dhéanamh.

Áirítear le sin, leanaí a bheith acu, ag bogadh tíre, ag athrú gairmeacha nó ag pósadh.

Áitíonn sé go bhfuil sé de cheart ag gach duine a fháil amach cad a bheidh in ann dóibh mar thoradh ar a roghanna, gan cur isteach ar dhaoine eile.

weddingModern Nuptial Trends 1 768x448 1
Cinneadh faoi pósadh

Mar sin ba chóir dúinn staonadh ó insint do chairde nó do mhuintir nár cheart dóibh post a ghlacadh, gan dul amach le duine éigin, gan bogadh thar lear, nó fiú gan iarracht a dhéanamh ar thumadóireacht spéire (skydiving), a dúirt sé.

Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach, mar shampla chun cosc a chur ar dhúnmharú, dúirt sé.

Agus é ag scríobh san iris, Analysis, dúirt an Dr Akhlaghi: ‘Tá go leor cúiseanna éagsúla ann go bhféadfaimis iarracht a dhéanamh idirghabháil a dhéanamh – cuid acu leithleach  (selfish), cuid eile a bhfuil dea-mhéineach (well-meaning) – ach is cuma cén spreagadh atá againn, is féidir linn dochar suntasach a dhéanamh, fiú leis na daoine is mó a bhfuil grá againn dóibh.’

Mar shampla, dúirt sé b’fhéidir go ceapann tú go bhfuil fadhb ag baint le duine eile a bheith ina thuismitheoir, toisc go gceapann tú go ndéanfadh sé a saol níos measa, ach dúirt sé gur eispéireas dearfach é leanaí a bheith ag daoine áirithe, cé nach mbeadh sé dearfach do dhaoine eile, agus ní féidir le haon duine a rá cén toradh a bheadh ar an cinne sin do duine eile, roimh ré.

careerWanted2
Cinneadh faoi éirí as post

Dúirt sé gur fadhb í freisin a rá le duine gan athrú gairme a dhéanamh ina mbeadh ciorrú mór pá i gceist leis, mar go gceapann tú go mbeadh fadhbanna maireachtála acu.

‘Níl a fhios againn ach cad iad na leasanna atá in ann d’aon duine sa todhchaí,’ a dúirt an Dr Akhlaghi.

‘Tá sé thar a bheith tábhachtach an cumas a fheiceáil go bhfuil an duine ionainn mar thoradh ar chinntí a rinneamar dúinn féin.’

Agus é ag tabhairt comhairle gan comhairle a thabhairt dúirt an Dr Akhlaghi: ‘Níl mé ag insint do dhaoine cad atá le déanamh acu. Nílim ach ag cur béime ar chuid dá bhfuil i gceist go morálta sna hidirghníomhaíochtaí coitianta seo.’

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram