Ba cheart cosc a chur ar r-scútaróirí (e-scooters) ar chosáin chun daoine 'a bhfuil riachtanais rochtana' acu a chosaint, a dúirt trí phríomhcharthanacht mhíchumais.
Léiríonn figiúirí nua ó na gardaí go raibh 746 eachtra tráchta bainteach le r-scútaróirí anuraidh, méadú ó 640 in 2021.
Tá sé mídhleathach faoi láthair iad a úsáid ar bhóithre agus ar chosáin na hÉireann ach tá reachtaíocht maidir leo á thabhairt tríd an Oireachtas.
Faoin dlí reatha, sainmhínítear r-scútaróirí mar fheithiclí inneallghluaiste, rud a chiallaíonn go mbeadh ceadúnas, cáin agus árachas ag teastáil uathu.
Toisc nach féidir cáin a ghearradh ar r-scútaróirí faoi láthair, tá siad mídhleathach go teicniúil ar bhóithre na hÉireann.
Agus an reachtaíocht nua á breithniú san Oireachtas, tá Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (National Council for the Blind of Ireland, NCBI), Madraí Treorach do na Daill in Éirinn (Irish Guide Dogs for the Blind), agus Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann (Irish Wheelchair Association) ar fad ag rá leis an Aire Iompair Eamon Ryan cosc a chur ar r-scútaróirí ar cosáin.
Ag labhairt dó inné, dúirt urlabhraí an NCBI, June Tinsley, go bhfuil ‘riosca suntasach’ ag baint le r-scútaróirí nuair a úsáidtear iad ar chosáin.
Dúirt an NCBI go raibh eachtra le r-scútaróirí ar chosán ag 77% dá gcliaint.
Dúirt Ms Tinsley le Newstalk gur cheart go mbeadh fuaim ceangailte leo agus gur féidir leo madraí treorach (guide dogs) a scanrú.
Dúirt sí go léiríonn figiúirí na ngardaí go raibh níos mó ná 1,300 teagmhas tráchta bainteach le r-scútaróirí le trí bliana anuas.
Dúirt John Fulham ó Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann gur cheart r-scútaróirí a bheith teoranta do lánaí rothar.
I ráiteas, dúirt urlabhraí don Roinn Iompair: ‘Tá an Bille um Thrácht ar Bhóithre agus Bóithre 2021 os comhair an Oireachtais faoi láthair.’
Cuirfidh an Bille teorainn le meáchan agus luas na r-scútaróirí is féidir a úsáid ar bhóithre na hÉireann.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.