Seans gur chosain an chonspóid faoi jóc Tommy Tiernan, atá cáinte mar ‘ciníoch’, na céadta míle euro ar RTÉ.
Chuir an jóc faoi thiománaithe tacsaí ‘Afracacha’ isteach ar láithreoir RTÉ Emer O’Neill agus shiúil sí amach as an seó i Vicar Street i mBaile Átha Cliath, agus d’ardaigh sí an cheist ar Instagram.
Anois tá an chuideachta tacsaí FreeNow tar éis deireadh a chur lena
socrú urraíochta (sponsorship deal) le RTÉ do The Tommy Tiernan Show.
Chuir RTÉ praghas €120,000 ar socrú urraíochta ceithre bliana ó shin, in 2019. Ach ó shin i leith tá an-tóir ar an seó agus tuigtear go bhfuil ardú suntasach tagtha ar luach an socrú.
Thárla sé seo fiú tar éis de Tiernan labhairt amach go poiblí faoin jóc, agus a leithscéal a ghabháil.
Chomh maith le sin thug sé rabhadh dá lucht leanúna ar líne nach dtacaíonn sé le haon tuairimí diúltacha ar líne faoi O’Neill, iar-láithreoir ar an Home School Hub ar RTÉ.
Tar éis do O’Neill siúl amach as an seó i Vicar Street ag tús na bliana, phostáil sí O’Neill an jóc ar Instagram mar a dúirt Tiernan é.
‘Thosaigh a chéad jóc den oíche, díreach amach as an ngeata, agus athinsím (le do thoil, má bhí tú ann freisin, ceartaigh mé má tá mé mícheart). ‘“Dúirt m’iníon liom nár cheart dom an jóc seo a insint”, sos fada… “Bhí mé ag an zú an lá cheana agus mé ag féachaint ar na ‘penguins’, tá siad cosúil le mná rialta beaga ag siúl thart le paidrín. Ansin bhí na ‘wolves’ chomh fíochmhar/láidir Éireannach, ansin chuamar go dtí an ‘African Savannah’ agus ….. bhí sé lán de thiománaithe tacsaí! Ceart go leor, anois táim ag féachaint ar sheomra ina bhfuil aghaidheanna geala agus tá gach duine ag gáire agus mar sin ceapaim go bhfuil mé ceart go leor, ní jóc ciníoch (racist) a bhí ann”.’
Ach dúirt O’Neill go raibh an jóc maslach di agus ciníoch.
Ag labhairt di le Newstalk Breakfast Déardaoin an tseachtain seo, dúirt O’Neill, gur ghlaoigh Tiernan uirthi, tar éis an gig, chun leithscéal a ghabháil, agus dúirt sé go raibh an ceart aici an méid a rinne sé a cháineadh.
Dúirt sí: ‘Bhí ionadh orm gur shroich sé an chéim seo, ach dúirt sé, “Ar mhachnamh dom, cé mise, mar fhear geal, meánaosta, ag déanamh cinneadh ar cad é is ciníoch ann, agus cad nach bhfuil; cad atá maslach agus cad nach bhfuil do phobal nach bhfuil taithí ar bith agam ar i mo shaol?”’
Agus ar Dé hAoine eisíodh ráiteas thar cheann Tiernan a dúirt: ‘Ar an Aoine an 6 Eanáir, d’inis Tommy jóc ar an stáitse, mar chuid dá seó. Chomh luath agus a fuair sé gearán faoi, labhair sé leis an ball sin den lucht féachana chun a thuiscint cá ndeachaigh sé mícheart.
‘Bhain sé an jóc den seó láithreach agus ghabh sé a leithscéal go pearsanta ar an nguthán agus ar an ríomhphost agus go poiblí trí déileáil leis ar an stáitse an oíche dár gcionn, agus gach oíche ó shin, ag gabháil a leithscéal arís.
‘Ní tacaíonn Tommy d’aon tuairimí diúltacha ar líne faoin ball seo den lucht féachana agus is cinnte nach tacaíonn sé leo má tá siad ag iarraidh é a chosaint.’
Ach dúirt O’Neill le clár Clair Byrne ar RTÉ Raidió 1: ‘Sin é an chéad ráiteas poiblí a chuala mé ó aon duine a bhfuil baint aige leis. Ach ní mise atá de dhíth. Creidim gur ghabh sé a leithscéal liom agus táim an-bhuíoch as sin ach ní mise amháin a chuaigh sé i bhfeidhm air.
‘Is rud amháin é leithscéal a ghabháil domsa, ach nuair a théann sé i bhfeidhm ar an oiread sin daoine, ní haon mhaith é leithscéal a ghabháil liomsa. Tá pobal iomlán ann a d’fhulaing dá bharr.’
Dúirt sí: ‘Creidim gur iontach an rud a bheadh ann, dá ndéanach sé ráiteas don chuid eile d’Éirinn, le go mbeidh ár bpobal in ann leigheas a fháil uaidh sin.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.