Tá Alec Baldwin cúisithe as dúnorgain (manslaughter) mar gheall ar lámhach marfach an chineamatagrafaí Halyna Hutchins ar sheit scannán.
Dúirt dlíodóir Baldwin, Luke Nikas, gur ‘iomrall ceartais uafásach’ (terrible miscarriage of Justice) é an cúiseamh dúnorgain.
Tá an t-aisteoir cúisithe i ndúnorgain ainneonach (involuntary). D’fhéadfadh sé 18 mí a chaitheamh sa phríosún agus gearradh fíneáil $5,000 a fháil má fhaightear ciontach é.
Maraíodh Hutchins nuair a bhí Baldwin ag cleachtadh le gunnán, ach bhí fíor-urchair ann a bhuail í agus stiúrthóir an scannáin Joel Souza, a tháinig slán as.
Dúirt Baldwin nár cheart riamh fíor-urchair a cheadú ar sheit scannáin. Dúirt sé gur dúradh leis go raibh an gunna ‘fuar’, téarma tionscail a chiallaíonn go raibh sé sábháilte le húsáid.
In agallamh teilifíse in 2021, dúirt an t-aisteoir le ABC News nár tharraing sé ‘trigger’ an gunnáin Pietta .45-caliber Colt, agus gur scaoil sé tar éis dó a bheith ag cleachtadh ós comhar an ceamara le Ms Hutchins.
Ach de réir tástáil fhóiréinseach an FBI bhí an gunnán ‘ag feidhmiú de ghnáth’ agus ní scaoilfeadh sé piléar gan an ‘trigger’ a tharraingt.
Cúisítear Baldwin agus Hannah Gutierrez-Reed, a bhí i gceannas ar na gunnáin ar an scannán, as dhá chomhaireamh dúnorgain ainneonach.
Faoi dhlí Nua-Mheicsiceo, feileonacht ceathrú céim is ea dúnorgain ainneonach, agus is féidir pionós príosúin suas le 18 mí agus fíneáil $5,000 a ghearradh air.
D’fhógair an t- Ionchúisitheoir Dúiche Mary Carmack-Altwies na cúisimh tar éis níos mó ná bliain imscrúdaithe ar lámhach Deireadh Fómhair 2021 ar an scannán, Rust, lasmuigh de Santa Fe.
Dúirt sí: ‘Tar éis athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar fhianaise agus ar dhlíthe stát Nua-Mheicsiceo, chinn mé go bhfuil dóthain fianaise ann chun cúisimh choiriúla a chuir i gcoinne Alec Baldwin agus baill eile den fhoireann scannán ‘Rust’.
‘Ar mo seal, níl aon duine os cionn an dlí, agus tá ceartas tuillte ag gach duine.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.