Briseadh Enoch Burke as a phost, ach le coicís chun achomharc a dhéanamh

21/01/2023

Tá coicís anois ag Enoch Burke chun achomharc (appeal) a dhéanamh, tar éis dó a bhriseadh as a phost mar mhúinteoir.

Thagann sé seo tar éis dó a bheith i bpríosún roimhe seo mar gheall ar aighneas trasinscne.

Dheimhnigh deartháir an Uasail Burke gur briseadh as a phost é i Wilson’s Hospital School i gContae na hIarmhí.

I ráiteas, dhiúltaigh teaghlach Burke trácht a dhéanamh an ndéanfadh sé achomharc.

Ach líomhain siad go rinne aturnaetha ‘go neamhdhleathach’ iarracht  éisteacht smachta  (disciplinary hearing) a reáchtáil Déardaoin, agus go raibh cathaoirleach na scoile as láthair.

Chuir an tUasal Burke agus a theaghlach isteach go mór ar éisteacht an Déardaoin.

Enoch Burke 1 768x448 1
Na Burkes

Iarradh ansin air dul go dtí an scoil i Multyfarnham, Contae na hIarmhí, Dé hAoine agus cuireadh in iúl dó ag 3.30pm, i láthair cathaoirleach an bhoird bhainistíochta John Rogers, agus an príomhoide Frank Milling, gur briseadh as a post é.

Dúirt an tUasal Burke go raibh a dhífhostú bunaithe ar ‘chruinniú’ an bhoird bhainistíochta in Óstán Mullingar Park a raibh an tUasal Rogers as láthair.

Cuireadh an Críostaí soiscéalach (evangelical) ar fionraí ón obair ar phá iomlán anuraidh go dtí go bhfaigheadh toradh próisis smachta  tar éis roinnt teagmhas faoi aighneas trasinscne.

Chuir an tUasal Burke in iúl roinnt uaireanta go raibh sé i gcoinne iarratas ó phríomhoide na meánscoile labhairt le leanbh trasinscneach faoina n-ainm agus tagairt a dhéanamh dó leis an bhforainm ‘siad’.

enochWilsonsHospital COI 1
Wilson’s Hospital School

Cuireadh an múinteoir ar fionraí óna phost tar éis imeachtaí ina dhiaidh sin, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar an bpríomhoide ag imeacht scoile i mí an Mheithimh, rud a chuir  ‘imní’ ar an phríomhoide faoina iompar amach anseo.

Reáchtáladh próiseas smachta  tar éis don phríomhoide tuairisc a chur le chéile ansin i mí Lúnasa seo caite.

Cimíodh an tUasal Burke go Príosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath níos déanaí, ag breitheamh Ard-Chúirte, tar éis dó ordú cúirte sealadach chun fanacht amach óna ionad oibre a shárú.

Scaoileadh saor ón bpríosún é i mí na Nollag, agus thosaigh sé ag freastal ar an scoil arís san Athbhliain.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram