Argos chun gach siopa in Éirinn a dhúnadh… agus caillfidh 400 duine a bpost

20/01/2023

Tá foláireamh á thabhairt ag úinéirí siopaí gur rabhadh géar don Rialtas é cinneadh Argos a shiopaí ar fad a dhúnadh in Éirinn.

Tá sé deimhnithe ag Argos go bhfuil a chuid siopaí Éireannacha ar fad le dúnadh agus na céadta post á gcailliúint acu faoi dheireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt an ceardchumann Mandate go bhfuil sé curtha in iúl dóibh go ndúnfar siopa Chill Chainnigh ar an 25 Meitheamh, Port Laoise ar 6 Bealtaine, Faiche Stiabhna (St Stephen’s Green) i mBaile Átha Cliath ar 13 Bealtaine, Gaillimh ar 10 Meitheamh, agus go ndúnfar na siopaí go léir atá fágtha ar an 24 Meitheamh.

Argos 1

Dúirt siad go gcaillfear thart ar 400 post.

Agus dúirt Retail Excellence Ireland go bhfuil an nuacht díomách do chách agus dúirt siad go léiríonn sé an leochaileacht agus na trioblóidí atá ag an tionscal miondíola faoi láthair.

‘Tá an t-am seo den bhliain an-deacra do na miondíoltóirí agus tá go leor acu ag streachailt chun leanúint ar aghaidh,’ a dúirt an grúpa i ráiteas.

‘Tá sé ríthábhachtach go leanann an Rialtas ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí agus ag tabhairt isteach tacaíochtaí, más gá, sna míonna atá amach romhainn,’ a dúirt an ráiteas.

Argos 2

Dúirt an Roinn Fiontar nach bhfuil fógra iomarcaíochta (redundancy notice) faighte acu fós ón gcomhlacht.

Dúirt oifigeach Mandate Michael Meegan go mbeidh an ceardchumann i mbun dianphlé leis an gcomhlacht chun an margadh is fearr is féidir a fháil do na hoibrithe atá á ndéanamh iomarcach.

‘Is deacair inniu d’fhoireann Argos anseo in Éirinn agus iad ag fáil an scéala go mbeidh an comhlacht ag dúnadh anseo,’ a dúirt an tUasal Meegan.

Argos 3

‘Toisc go bhfuil Argos ag dúnadh a oibríocht iomlán in Éirinn is ionann sin agus iomarcaíocht chomhchoiteann (collective redundancy), a éilíonn tréimhse chomhairliúcháin (consultation) 30 lá agus tá a fhios againn go bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta an dualgas sin a chomhlíonadh,’ a dúirt sé.

‘Beidh muid ag baint úsáide as an tréimhse seo chun na téarmaí is fearr is féidir a idirbheartú dóibh siúd atá ag cailleadh a gcuid post agus táimid ag súil le freagra cuiditheach ón gcomhlacht,’ a dúirt an tUasal Meegan.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram