Léiríonn figiúirí nua nach bhfuil go leor de na daoine óga a bhfuil fonn orthu dul isteach sna gardaí aclaí go leor.
Go luath i mí na Nollag, theip ar 55 as 315 iarratasóir – 17.5% – an Tástáil Inniúlachta Fisiciúil an Gharda Síochána (Garda Physical Competency Test PCT), atá ag teastáil chun dul isteach i gcoláiste oiliúna an Teampaill Mhóir.
Áirítear leis an tástáil: ‘tástáil bíp’, brú aníos (push-ups), suí aniar (sit-ups), cúrsa bacainní (obstacle course) agus measúnú ar mheaisín brú/tarraingt.
Agus má theipeann ar aon chomhpháirt ní mór d’iarratasóirí an chéim a dhéanamh arís, agus cuirfear ar chúl na líne iad sula bhféadfaidh siad é sin a dhéanamh.
Is iad na smaointe atá taobh thiar de seo, ná a chinntiú go bhfuil ár ngardaí aclaí a ndóthain le dul i ngleic leis na coirpigh.
Ach deir urlabhraí Dlí agus Cirt Fhianna Fáil, Jim O’Callaghan, gurb é an tástáil aclaíochta atá an locht air.
Dúirt sé go bhfuil sé ‘ró-crua, as céim le tíortha eile agus go bhfuil sé ag éirí mar fhachtóir atá ag méadú chun bac a chur ar earcaíocht’.
Dúirt sé go bhfaigheann mic léinn sa Tuaisceart níos mó ama chun an cúrsa bacainní a chríochnú, agus go mbíonn níos mó ama ag oiliúnaithe na bpóilíní i gCeanada dá scrúdú aclaíochta.
‘Creidim go bhfuil na teorainneacha ama atá á leagan againn ar na hoiliúnaithe chun an PCT a chríochnú ag cur leis an teip maidir le spriocanna earcaíochta a bhaint amach agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar seo mar ábhar práinne,’ a dúirt sé.
I mí Dheireadh Fómhair, chuir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee síos ar cheist na n-iarrthóirí a dteipeann orthu sa tástáil aclaíochta mar fhadhb atá ag méadú.
‘B’fhéidir gur cuimhin le go leor againn go raibh orainn an tástáil bíp agus tástálacha aclaíochta eile a dhéanamh sa chorpoideachas ar scoil,’ a dúirt sí.
‘Tá sé tábhachtach go mbeadh leibhéal áirithe aclaíochta ag baill den Gharda Síochána. Tá dúshláin ag teacht chun cinn agus ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil muid ag deileáil leo.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.