Beidh laoch peile Mhaigh Eo, Lee Keegan, i mbun comhrá le Ryan Tubridy ar an Late Late Show anocht. Mar sin, seo roinnt meabhrúcháin faoi cé chomh maith agus atá sé mar pheileadóir.
Tá gairm iontach idirchontae críochnaithe ag Keegan tar éis 11 bliain le peileadóirí Mhaigh Eo. Agus seo samplaí dá scileanna le cúl in aghaidh Bhaile Átha Cliath - cluiche ceannais na hÉireann 2016. CLIC AR AN TWITTER THÍOS
Agus seo samplaí eile, le cúl in aghaidh Bhaile Átha Cliath - cluiche ceannais na hÉireann 2017. CLIC AR AN TWITTER THÍOS.
Bhuaigh sé gach bonn peile a d’fhéadfadh a bheith aige le Maigh Eo, seachas bonn Chraobh na hÉireann. Agus tugtar ‘duine de pheileadóirí is fearr na haoise seo’ air.
Inseoidh sé do Ryan na fáthanna gurb é seo an t-am ceart le éirí as. Agus an chaoi a d’athraigh a theaghlach óg a dhearcadh ar an saol.
Beidh an craoltóir a bhfuil duaiseanna buaite aici, Katie Hannon, ag caint le Ryan faoina gairm bheatha san iriseoireacht agus faoina sraith úrnua cúrsaí reatha ‘Upfront with Katie Hannon’.
Agus beidh an rapper Éireannach SELLO as Cluain Dolcáin ag caint le Ryan faoi a bheith mar chuid de na rappera ‘new wave’ Éireannach. Tá sé ainmnithe do thrí Choice Music Awards agus casfaidh sé a amhrán nua Dublin. Agus beidh Nell Mescal ar an seó ag canadh a singil is nuaí Homesick.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.