Bhí bainisteoir Manchester City, Pep Guardiola, ar buile mar gheall ar chinneadh VAR, ach bhí bainisteoir Manchester United Eric Ten Hag aireach (cautious) nuair a chaill City i gcluiche conspóideach, Dé Sathairn.
Fuair Manchester United dhá chúl laistigh de cheithre nóiméad, an-déanach ina gcluiche in aghaidh Manchester City, chun an cluiche a bhuachan 2-1.
Ach bua conspóideach a bhí ann do Manchester United agus bhí lucht leanúna Manchester City – agus na himreoirí agus an fhoireann bhainistíochta – ar buile.
Scóráil Jack Grealish cúl do Manchester City lena chloigeann agus ba chosúil gurbh é sin an cúl a bhí de dhíth orthu, agus iad ag iarraidh teacht suas le Arsenal, atá ag barr an Premier League.
Tháinig Grealish den bhinse agus scóráil sé an cúl tar éis 60 nóiméad den chluiche ag Old Trafford.
Ach d’fhreagair Manchester United go tapa agus fuair siad an cúl a chuir lucht leanúna Manchester City ar buile, dúirt siad nár cheart é a cheadú.
Fuair Bruno Fernandes an cúl ach thárla sé tar éis do Marcus Rashford rith i dtreo na liathróide as alt na himeartha (from an offside position). Ach mheas VAR nach raibh sé sin ag cur isteach ar imirt an chluiche.
Bhí imreoirí Manchester City chomh feargach gur theip orthu atheagrú i gceart nuair a thosaigh an cluiche arís. Agus níor réitigh siad iad féin i gceart. D’fhág sé sin Rashford saor chun cúl eile a scóráil, ba é an ceann seo an cúl a bhuaigh an cluiche, tar éis do Alejandro Garnacho an liathróid a thabhairt dó, ocht nóiméad roimh dheireadh an chluiche.
Ba é sin an t-ochtú cúl a bhí ag Rashford ina sheacht gcluiche dheireanacha do Manchester United, agus cuireann sé sin an fhoireann pointe taobh thiar de Manchester City, nach bhfuil ag imirt go maith le déanaí.
Chaill siad a gcluiche Corn Carabao i rith na seachtaine agus tá siad as an gcomórtas sin. Ciallaíonn toradh an chluiche i gcoinne Manchestter United gur féidir le Arsenal anois ocht bpointe a bhaint amach i mbarr na Sraithe má bhuann siad a gcluiche in aghaidh Tottenham Dé Domhnaigh.
Tar éis an chluiche dúirt bainisteoir Manchester United, Erik Ten Hag: ‘Tá feabhas tagtha orainn, is léir sin. Tá bealach fada le dul fós ach tá go leor gnéithe inár gcluiche nach mór dúinn a fheabhsú ach táimid ag dul chun cinn.’
Dúirt Guardiola go raibh tionchar soiléir ag rith Rashford ar chosantóir agus cúl báire Manchester City.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.