Gardaí ag fiosrú tar éis lámhach gunna ag ‘halting site’

Tá na gardaí ag fiosrú tar éis lámhach gunna i ‘halting site’.

Taispeánadh i bhfíseán den eachtra, atá feicthe ag ExtraG.ie, beirt fhear, gléasta in éadaí dubha, ag teacht amach as carr agus ag lámhach raidhfil, nó b’fhéidir uirlis a bhí cosúil le raidhfil, i ‘halting site’, i Maigh Fhearta (Beech Park), in Inis, Co an Chláir.

Chuaigh na fir níos faide isteach san eastát ansin agus scaoil siad an gunna arís, agus ansin theith siad.

Níor gortaíodh aon duine san eachtra, ach níl aon ghabháil déanta fós.

Clare 1 480x672 1

Dúirt duine áitiúil go léiríonn an eachtra ‘go bhfuil an córas dlí agus ord briste síos’ sa cheantar agus ‘go bunúsach is zón cogaidh i Maigh Fhearta inár mbaile contae’.

Tá sé deimhnithe ó shin ag na gardaí go bhfuil tús curtha le himscrúdú ar an eachtra, agus rinne siad achainí ar aon fhinnéithe (witnesses) labhairt leo má tá eolas acu.

‘Tá gardaí ag fiosrú tuairiscí faoi an eachtra, a tharla, ag thart ar 2.45in tráthnóna Dé Máirt 10 Eanáir 2023,’ a dúirt na gardaí i ráiteas.

‘Níor gortaíodh aon duine san eachtra. Níl aon ghabháil déanta, tá imscrúduithe ar siúl.’

‘Tá gardaí ag fiafraí ar aon duine a bhféadfadh go mbeadh eolas acu maidir leis an eachtra seo, labhairt leo. Tá siad ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar agus a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara (lena n-áirítear dash-cam) é seo a chur ar fáil do ghardaí imscrúdaithe.

‘Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas aige/aici dul i dteagmháil le stáisiún Gardaí na hInse ar 065 6848 100.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram