Teaghlaigh faoi bhrú: Ardú 15% ar chostas bia sna siopaí

Tá ardú praghais breise ar theaghlaigh chomh maith leis an gcostas níos airde a bhaineann le téamh a dtithe – tá ardú ar phraghs bia sna siopaí ag an ráta is airde riamh, 15%.

Tá an figiúr sin níos airde fiú ná sa Bhreatain ina bhfuil Brexit ag cur leis na fadhbanna eacnamaíochta.

Táthar ag rá le teaghlaigh gur féidir leo earraí branda an tsiopa (ownbrand) níos saoire a cheannach, a mbíonn cáilíocht níos measa acu go minic, rud a d’fhéadfadh breis is €300 a shábháil gach trí mhí.

shopping Supermarket 2 1068x623 1

Is é an meánbhille ollmhargadh seachtainiúil anois ná €154.50, agus ag 15%, tá boilsciú (inflation) earraí grósaeireachta, nó an t-ardú i bpraghsanna, beagnach dhá oiread an meánráta oifigiúil boilscithe tríd is tríd, arb ionann é agus 8.2%.

Chuir an saineolaí miondíola (retail expert) Duncan Graham, ó Retail Excellence, a dhéanann ionadaíocht ar go leor siopaí neamhspleácha, síos ar an ardú ollmhór i bpraghsanna mar ‘fhigiúr scanrúil’.

Tá eagla ar an ngrúpa go mbeidh ‘moilliú ollmhór’ sa gheilleagar an mhí seo agus an mhí seo chugainn, agus táthar ag súil le hardú eile ar an ráta úis do mhorgáistí ón gcéad chruinniú eile den Bhanc Ceannais Eorpach (European Central Bank, ECB), atá le tarlú ar an 2 Feabhra.

Praghas ar ghás ard cé
go bhfuil an costas
mórdhíola tite. CLIC ANSEO

Dúirt an tUasal Graham gur cheap miondíoltóirí ‘go raibh muid ag tosú ar bhuaic an bhoilscithe a fheiceáil, go rabhamar tríd an gceann is measa’.

Dúirt sé: ‘Má leanann sé seo, cá stopann sé? Nuair a chloisfeá uimhreacha mar seo bheadh imní orm.’

Is é an bille bliantúil grósaeireachta anois ná €8,035, bunaithe ar chaiteachas sna 12 sheachtain suas go dtí an Nollaig. Mura mbeadh ciorrú déanta ag siopadóirí ar a gcuid siopadóireachta mar gheall ar ardú praghsanna, b’ionann an caiteachas bliantúil agus €8,800.

Dúirt ceannaire Chomhlachas Tomhaltóirí na hÉireann (Consumers’ Association of Ireland), Dermott Jewell: ‘Is é an príomhphointe anseo ná go bhfuil siad ag caitheamh níos mó agus ag fáil níos lú, agus bíonn fadhb ag iarraidh gearradh siar air sin arís.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram