Labhair Tesco le ExtraG.ie le freagra a thabhairt ar an gcáineadh ar líne ar bhotún Gaeilge i gceann dá gcomharthaí siopa.
Bhí magadh agus cáineadh ar Twitter mar gheall ar aistriúchán Gaeilge a bhí go hiomlán míchruinn. Aistríodh an comhartha le haghaidh ‘domestic appliances’ mar ‘díbholaigh do mhná’.
Ceaptar gurb é ‘fearais tí’ nó ‘gléasanna tí’ (household appliances) an t-aistriúchán is fearr ach, de réir Teanglann.ie aistríonn ‘díbholaigh do mhná’ go Béarla mar ‘deodorize for women’.
Cé go bhfuil an siopa Tesco a rinne an botún molta as comharthaí Gaeilge a úsáid, tá siad cáinte ar líne.
Agus tá roinnt cáinteoirí ag gearán mar gur aistríodh ‘domestic’ mar ‘do mhná’, agus Nollaig na mBan ag teacht inniu, 6 Eanáir. Sé sin lá chun neamhspleáchas na mban a cheiliúradh.
Roinn úsáideoir Twitter íomhá den bhotún, as an siopa Tesco, atá lonnaithe ar Bhóthar Áth Cinn (Headford Road) i nGaillimh.
Scríobh an t-úsáideoir:
‘Hello @TescoIrl on the eve of #NollaignamBan note that domestic appliances does not translate in Irish to “appliances for women” please amend.’
Mar fhreagra ar an scéal dúirt urlabhraí do Tesco le ExtraG.ie go bhfuil an comhlacht ‘an-bhródúil’ as a bpolasaí Gaeilge.
‘Ag Tesco, táimid an-bhródúil as ár gcomharthaí dátheangacha,’ a dúirt an t-urlabhraí.
‘Tá brón orainn as an earráid ar an gcomhartha inár siopa in Áth Cinn ach tá muid buíochas as é a bheith curtha in iúl dúinn.
‘Baineadh an comhartha agus ceartófar é gan mhoill.’
Dúirt duine amháin ar Twitter: ‘Oh dear…talk about lost in translation and a proof reader with no Irish..”baile” would cover it … Home appliances.’
Dúirt duine eile: “Díbholaígh do mhná” is women’s deodorant. Think this is just an error rather than anything more sinister.’
Chuir TG4TV freagra cliste ar fáil, gan focal ar bith. Chuir siad radharc ón scannán Lost in Translation suas.
Is inniu Nollaig na mBan, an 12ú lá agus an lá deiridh de Nollaig. Go traidisiúnta, is lá é nuair a ghabhtar buíochas le mná na hÉireann as a gcuid oibre go léir le linn shéasúr na Nollag agus nuair a dhéanann fir an obair ‘domestic’.
Ach le déanaí is lá é chun éachtaí na mban atá agus a bhí ag troid ar son comhionannais agus saoirse na mban a cheiliúradh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.