Tar éis thorthaí na pobalbhreithe is déanaí, an mbeidh Mary Lou agus Micheál le chéile sa chéad rialtas eile?

Bíonn siad i gcónaí ag troid sa Dáil ach tugann an pobalbhreith is déanaí le fios go bhféadfadh Mary Lou McDonald agus Micheál Martin a bheith i gceannas ar an gcéad rialtas eile.

Léiríonn na huimhreacha go bhféadfadh Sinn Féin agus Fianna Fáil comhrialtas a bhunú – dá n-aontódh na páirtithe leis.

Tagann torthaí na pobalbhreithe lá tar éis d’Aire Airgeadais Fhianna Fáil Michael McGrath a rá leis an Irish Daily Mail gur thacaigh sé le seasamh a Thaoiseach agus ceannaire an pháirtí, Micheál Martin, agus go n-aontódh sé le comhrialtas le Sinn Féin.

Cé go léiríonn pobalbhreith an Sunday Independent/ Ireland Thinks go bhfuil tacaíocht caillte ag an dá pháirtí, bheadh beagnach 50% den vóta fós acu dá mbeadh toghchán amárach ann.

Leo Varadkar DMG Media 7 1
Leo Varadkar Pic Tom Honan

Tá titim dhá phointe ar thacaíocht Shinn Féin le mí anuas. Mar sin féin, tá sé fós ar an bpáirtí polaitíochta is coitianta sa tír ag 32%.

Chomh maith leis sin, tá tacaíocht caillte ag Fianna Fáil freisin, le titim aon phointe amháin go 16%.

Thabharfadh sé seo 48% de na vótaí céad rogha (first-preference votes) don dá pháirtí i dtoghchán, agus tromlach iomlán dóchúil (likely) nuair a bheadh aistrithe (transfers) á gcomhaireamh.

Michael McGrath sásta dul isteach sa rialtas le Sinn Féin. CLIC ANSEO

Idir an dá linn, cé go bhfuil tacaíocht íseal á léiriú ag Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le tamall anuas, is é ceannaire an pháirtí an tUasal Martin, a fuair ísliú céime ó Thaoiseach go Tánaiste le déanaí, an ceannaire páirtí is mó éileamh le tacaíocht 47%.

Mar sin féin, in ainneoin na ndeacrachtaí móra sa tseirbhís sláinte agus tithíocht, tá ardú tacaíocht faighte ag an dá pháirtí eile sa Rialtas.

Tá Fine Gael sa dara háit do Shinn Féin, agus mhéadaigh sé a thacaíocht dhá phointe go 25%, agus mhéadaigh an Comhaontas Glas a thacaíocht go 4%, sin suas pointe amháin.

Tá grúpa na heite clé Solidarity /Pobal Roimh Bhrabús suas pointe amháin go 4% freisin, ach tá Aontú síos pointe amháin go 3%, tá na Daonlathaigh Shóisialta síos dhá phointe go dtí 3% agus tá Páirtí an Lucht Oibre gan athrú ag 3%.

Eamon Ryan M50 768x448 1
Eamon Ryan

Thit tacaíocht cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald beagán go 40%, níor tháinig aon athrú ar thacaíocht Leo Varadkar ag 39%. agus d’ardaigh tacaíocht cheannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan beagán go 23%.

Dúirt Michael McGrath go bhfuil sé sásta dul isteach sa rialtas le Sinn Féin tar éis an chéad olltoghcháin eile. Dúirt sé lies an Irish Daily Mail: ‘Ní fhéadfá ach a bheith míchompordach faoina gcúlra agus an chaoi a ndéanann siad polaitíocht agus a ngnó.

‘Sílim, ag dul isteach sa chéad toghchán eile, go ndéanfaidh Fianna Fáil é a throid ar bhonn neamhspleách mar pháirtí neamhspleách, sea, agus ní rialóidh siad rud ar bith isteach nó amach.’

Agus le déanaí, dúirt Micheál Martin don chlár teilifíse Two Tribes, go mbeadh ‘deacracht ollmhór’ ann maidir le comhrialtas féideartha le Sinn Féin, ach ní dúirt sé nach dtarlódh sé.

Dúirt sé: ‘Ceapaim go mbeidh deacracht mhór ag dul isteach sa Rialtas le Sinn Féin ó thaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta de, ach déarfainn sa chéad olltoghchán eile, b’fhéidir nach mbeadh an smaoineamh maidir le páirtithe a chur as an áireamh chomh láidir. Fágfaimid faoi na daoine cinneadh a dhéanamh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram