Seachtar cúisithe as an ionsaí inar maraíodh Seán Rooney

Tá seachtar cúisithe ag an Liobáin as páirt a ghlacadh in ionsaí a mharaigh an saighdiúir Éireannach Seán Rooney i lár mhí na Nollag, a dúirt oifigeach breithiúnach.

Maraíodh Pte Rooney, a bhí 24 bliain d’aois, nuair a rinneadh ionsaí ar an bhfeithicil armúrtha, a bhí sé a thiomáint gar do shráidbhaile Al-Aqbiya i ndeisceart na Liobáine ar an 14 Nollaig.

As an seachtar atá cúisithe, tuigtear nach bhfuil ach duine amháin acu faoi choinneáil tar éis do Hezbollah é a thabhairt ar láimh d’Arm na Liobáine an mhí seo caite.

Lebanon 4

Cúisíodh an duine sin ‘as an saighdiúir Éireannach a mharú agus iarracht a dhéanamh a thriúr gcomrádaithe a mharú trí gunna meaisín a lámhach’, a dúirt oifigeach, ag labhairt ar choinníoll gan a ainm a foilsiú mar nach raibh cead acu labhairt leis na meáin.

Ghearr breitheamh seisear teifeach (fugitives) freisin ‘as bagairtí a nochtadh le arm mídhleathach, scriosadh na feithicle UNIFIL agus imeaglú (intimidation) a dhéanamh ar a paisinéirí’, a dúirt an t-oifigeach.

Tá an sráidbhaile ina tharla an ionsaí i gceantar atá faoi smacht an pháirtí armtha Hezbollah agus gortaíodh triúr saighdiúirí eile agus tá duine acu, Pte Shane Kearney, fós go dona tinn.

Lebanon 3

B’as an mBaile Nua, Co Dhún na nGall, Seán Rooney. Bhí sé ina Óglach Éireann ó 2019 agus bhain sé leis an 27ú Cathlán Coisithe atá bunaithe i nDún Mhic Aogáin i nDún Dealgan, Co Lú.

Bhí na saighdiúirí ar dualgas síochána le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus bhí siad ar a mbealach go dtí an phríomhchathair Béiriút nuair a hionsaíodh iad.

Deirtear go bhfuil náire ar Hezbollah faoin ionsaí agus go bhfuil siad ag comhoibriú leis an bhfiosrúchán atá ar bun ag seirbhísí faisnéise na Liobáine.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram