Fanacht pianmhar 14 uair d’othair … sula nglactar isteach san ospidéal iad

06/01/2023

Tá othair ag fanacht suas le 14 uair an chloig – go minic i bpian an-trom – sula glacadh isteach chuig rannóg éigeandála ospidéil iad.

Mar aon le sin tá géarchéim na seirbhíse sláinte ag dul in olcas, Le dochtúirí ag tabhairt rabhadh go bhfuil ‘daoine ag fáil bháis gan ghá’ de bharr easpa leapacha.

Ach fós, cuireadh in aghaidh glaonna ón Aire Sláinte Stephen Donnelly ar chomhairleoirí agus baill foirne eile ospidéil obair a dhéanamh ag an deireadh seachtaine.

GPsCOVID Vaccines Shortage GPs Feature 768x448 1

Dúirt Comhlachas Comhairleoirí Ospidéil na hÉireann (Irish Hospital Consultants Association, IHCA) i ráiteas: ‘Bíonn comhairleoirí ar fáil 24/7, go minic ag obair os cionn na leibhéil mholta, ach is é fírinne an scéil nach bhfuil dóchain againn chun freastal ar an éileamh méadaithe.

‘Táimid fós ag obair le 40% níos lú foirne comhairleacha in Éirinn, i gcomparáid le meán an AE.’

Chomh maith leis seo tá idir 10,000 agus 11,000 oibrí cúram sláinte amuigh le tinneas, gominic mar gheall ar Covid, fliú nó tinnis eile.

Tá oifigigh sláinte i réigiún an Mheán-Iarthair tar éis a rá le daoine ‘fanacht sa bhaile agus sóisialú a sheachaint’ chun iarracht a dhéanamh stop a chur le tinnis riospráide an gheimhridh.

Tá siad ag iarraidh cuidiú le maolú a dhéanamh ar an mbrú atá ar Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, go háirithe, an t-ospidéal is plódaithe sa tír.

Dúirt an Dr Mai Mannix, Stiúrthóir Ceantair ag Sláinte Poiblí an Mheán-Iarthair, gur ‘dócha go bhfuil galair riospráide suntasach’ ar dhaoine a bhí ag sóisialú thar na Nollag agus na hAthbhliana.

Nurses Feature 768x448 1

‘Is dócha go mbeidh líon níos airde daoine againn a bhfuil an fliú agus Covid-19 orthu sna seachtainí atá romhainn i rith mhí Eanáir, rud a mbeidh tionchar aige ar ár seirbhís sláinte,’ a dúirt sé.

Dúirt an tseirbhís sláinte go dtiocfaidh méadú ar líon na gcásanna den fhliú agus na n-otharlanna ‘seachtain ar sheachtain’ sna ‘trí nó ceithre seachtaine’ amach romhainn ar a laghad.

Tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach eatramhach an HSE, Stephen Mulvany, go bhfuiltear ag súil go n-éireoidh an brú ar ospidéil níos measa sna seachtainí amach romhainn.

Nuair a fiafraíodh de an bhfuil an HSE ar an eolas faoi aon othar a fuair bás mar gheall ar fheitheamh fada, d’fhreagair an tUasal Mulvany: ‘Nílim chun trácht a dhéanamh ar chásanna aonair.

‘De réir mar a thuairiscítear imeachtaí, déantar iad a fhiosrú go hiomlán agus ní mór ceachtanna a fhoghlaim.

‘Ach is cóir a rá go bhfuil básanna inchoiscthe (preventable) ag gach córas sláinte ar domhan agus níl aon difríocht idir Éire sa chomhthéacs sin. Agus tá a fhios againn go méadaíonn an ró-phlódú an baol d’othair.’

Dúirt an tUasal Mulvany go raibh sé ag iarraidh ar roinnt ball foirne, lena n-áirítear comhairleoirí ospidéil, oibriú ag an deireadh seachtaine chun cabhrú leis na brúnna ar ospidéil a mhaolú. Dúirt sé go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun oibrithe a chúiteamh má chlúdaíonn siad an deireadh seachtaine, lena n-áirítear pá ragoibre (overtime) nó laethanta saoirse ar ais in a ionad.

‘Ní rud nua é seo, is rud caighdeánach é. Más mian leo am saor in ionad pá a chur ina ionad sin, is plé oscailte é sin,’ a dúirt sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram