Saineolaithe sláinte ag éileamh caitheamh maisc éigeantach a thabhairt ar ais

04/01/2023

Tá saineolaithe sláinte ag éileamh gur cheart caitheamh maisc éigeantach a thabhairt isteach , toisc nach féidir lenár n-ospidéil déileáil le líon na n-othar.

Níl aon chomhairle tugtha ar an ábhar ón bPríomhoifigeach Leighis (Chief Medical Officer, CMO), an tOllamh Breda Smyth, don Aire Sláinte Stephen Donnelly. Ach thug sí ‘comhairle láidir’ don phobal maisc a chaitheamh ar iompar poiblí agus i spásanna plódaithe.

Dúirt Aire Sláinte Stephen Donnelly, nach bhfuil sé ag súil go molfadh an CMO masc éigeantach. ‘Ní dóigh liom go dtiocfaidh aon athrú ar an gcomhairle sláinte poiblí ón bPríomhoifigeach Leighis,’ a dúirt sé.

Cé go ndúirt sé freisin gurb é tuairim an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) gur ‘dócha go n-éireoidh an cás in olcas’ agus gur ‘dócha go dtiocfaidh tuilleadh brú ar an gcóras sláinte’.

phil ni sheaghda feat 768x448 1
Phil Ní Sheaghdha

Bheadh gá le reachtaíocht a thabhairt isteach sa Dáil chun filleadh ar chaitheamh maisc éigeantach, ach níl sé i gceist go bhfillfeadh na Teachtaí Dála óna sos Nollag go dtí an 18 Eanáir.

Bhí líon na n-othar ar thralaithe inné ar an líon is airde a bhí sé riamh, ag 931. Sin 171 níos mó ná an líon is airde roimhe sin, 760, choicís ó shin.

Agus anois tá comhairleoirí agus ceardchumainn sláinte ag tabhairt foláirimh go bhfuil othair agus baill foirne á fhágáil i mbail ‘uafásach’.

Mar gheall air seo tá iarrtha ar an Rialtas an ‘cinneadh deacair’ a dhéanamh chun maisc éigeantacha a thabhairt isteach go poiblí arís.

‘Éilíonn uimhreacha an lae inniu idirghabháil thromchúiseach ón Rialtas,’ a dúirt Phil Ní Sheaghdha, rúnaí ginearálta Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO) inné.

‘Ní mór dúinn go ndéanfadh an Rialtas cinntí deacra anois lena n-áirítear caitheamh maisc a thabhairt ar ais i suíomhanna plódaithe.’

Tá achainí déanta ag an HSE ar dhaoine tinne triall a bhaint as gach rogha eile sula dtéann siad chuig rannóg éigeandála. Dúradh go mbeidh na laethanta amach romhainn ‘ar cheann de na tréimhsí is gnóthaí riamh ag an tseirbhís sláinte’.

Ach cháin Ní Sheaghdha an freagra seo. Dúirt sí nach plean é a rá le daoine ‘ospidéil a sheachaint ná go deimhin ní raibh sé sábháilte’.

Breda Smyth 3 1168x681 1
Breda Smyth

Dúirt sí: ‘Tá a fhios againn go bhfuil ardú na n-ionfhabhtuithe riospráide (respiratory infections) ar cheann de na príomhphointí brú inár seirbhís sláinte. Is beart simplí é iarraidh ar dhaoine filleadh ar chaitheamh maisc i suíomhanna gnóthacha.

‘Thar na laethanta amach romhainn ní mór dúinn fíor-phleananna agus cinntí a fheiceáil ag leibhéal náisiúnta maidir le sábháilteacht a chinntiú inár ngéarospidéil phoiblí (acute public hospitals).’

‘Caithfidh fios a bheith againn ar céard go díreach atá sa phlean ón lá inniu go deireadh mhí Feabhra.’

Ag labhairt dó leis an Irish Daily Mail, dúirt an tOllamh Ivan Perry, déan Scoil na Sláinte Poiblí i UCC, gur cheart go mbeadh maisc éigeantach arís, ‘fiú más ar feadh tréimhse ghairid é’.

Dúirt sé: ‘Sílim gur cheart caitheamh maisc éigeantach a chur san áireamh, go háirithe ar iompar poiblí agus ag imeachtaí eile lena n-áirítear seirbhísí reiligiúnacha – áiteanna a bhfreastalaíonn daoine aosta den chuid is mó.’

Dúirt Anthony Staines, ollamh le sláinte poiblí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), gur ‘freagra ciallmhar, réasúnta ar chás uafásach’ é caitheamh maisc éigeantach a thabhairt isteach arís i gcásanna áirithe.

Dúirt sé go dtacódh an pobal leis an smaoineamh dá mbeadh ‘ceannaireacht pholaitiúil mhaith taobh thiar de’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram