Sceideal CLG do chluichí sna comórtais mhóra atá le teacht

01/01/2023

Tá a dátaí eisithe ag CLG do chluichí móra 2023, agus léiríonn sé  go mbeidh cluichí ceannais na hÉireann ar siúl sa dá dheireadh seachtaine deiridh i mí Iúil.

Tá dátaí craobh na hÉireann agus chraobhchomórtas na gcúigí eisithe, chomh maith leis an sceideal iomlán na gcluichí sna Sraitheanna Náisiúnta, agus tá dátaí Chraobhchomórtas Sinsear na gClubanna sa Pheil agus san Iomána foilsithe freisin.

kerry galway 5
Craobh na hÉireann: Sean O’Shea agus Joe O’Connor as Ciarraí. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Tá na cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann socraithe don 23 Iúil agus 30 Iúil, rud a chiallaíonn go mbeidh an séasúr idirchontae seachtain níos faide ná mar a bhí sé in 2022. Seo na príomhdátaí ar fad:

Sraith Peile Allianz

Beidh Babhta 1 de Shraith Peile Allianz ar siúl ar an deireadh seachtaine 28/29 Eanáir, le Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh (Castlebar) oíche Shathairn.

Tá Muineachán in aghaidh Ard Mhacha, chomh maith i Roinn 1, an oíche chéanna. Agus beidh Áth Cliath i Roinn 2 in aghaidh Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh, agus seaimpíní peile Uladh ag imirt Luimnigh.

Taistealóidh Seaimpíní na hÉireann Ciarraí go Bealach Féich (Ballybofey) chun imirt in aghaidh Dhún na nGall agus tabharfaidh an Mhí aghaidh ar Chorcaigh Dé Domhnaigh, 29 Eanáir.

Beidh cluichí leathcheannais na Sraithe Peile Náisiúnta ar siúl ar fud na ranna ar fad ar an deireadh seachtaine 25/26 Márta, chomh maith leis na cluichí leathcheannais dícháiliú (relegation) ó Roinn 1 agus 2, agus cluichí ceannais na sraithe ina dhiaidh sin ar 1/2 Aibreán.

hurlingfinal
Craobh na h’Éireann: Tom Morrisseagus Dan Morrissey as Luimneach Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile

Sraith Iomána Allianz

Cuirfear tús le Sraith Iomána Allianz 2023 le Luimneach in aghaidh Chorcaí i bPáirc UÍ Chaoimh Dé Sathairn, 4 Feabhra.

Beidh Port Láirge i gcoinne Bhaile Átha Cliath i bPáirc Breathnach ar an Domhnach, 5 Feabhra.

Beidh cluichí ceannais Roinn 2A, 2B, 3A, agus 3B ar siúl ar an deireadh seachtaine céanna 1/2 Aibreán, agus ina dhiaidh sin Cluiche Ceannais Roinn 1 ar an deireadh seachtaine 8/9 Aibreán.

Craobh Peile

Cuirfear tús le craobhchomórtais peile na gcúigí ar an deireadh seachtaine 8/9 Aibreán, le cluichí ceannais peile Chonnacht agus na Mumhan le himirt ar an Domhnach, 7 Bealtaine. Beidh cluichí ceannais Uladh agus Laighean ar siúl an tseachtain dár gcionn.

Cuirfear tús le céimeanna nua na ngrúpaí peile Craobh na hÉireann, ina mbeidh ceithre ghrúpa de cheithre fhoireann, ar an deireadh seachtaine 20/21 Bealtaine, agus na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais nua sceidealta don 17/18 Meitheamh.

Beidh na cluichí ceathrú ceannais ar siúl ar an deireadh seachtaine 1/2 Iúil, agus na cluichí leathcheannais ar 15/16 Iúil ina dhiaidh sin. Tá Cluiche Ceannais Chorn Tailteann socraithe don Satharn, 15 Iúil freisin.

Beidh Cluiche Ceannais Peile Sinsear na hÉireann ar siúl Dé Domhnaigh, 30 Iúil chun deis a thabhairt do chluichí breise sa bhabhta nua ‘round robin’ den chraobh peile.

Craobh Iomána

Cuirfear tús le craobhacha iomána na gcúigí ar an deireadh seachtaine 22/23 Aibreán, le Gaillimh in aghaidh Loch Garman i gCraobh Laighean ar an Satharn.

Tá na cluichí ceathrú ceannais Craobh na hÉireann le bheith ar siúl ar an 24 Meitheamh, leis na cluichí leathcheannais coicís ina dhiaidh sin ar 8/9 Iúil, agus Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar siúl Dé Domhnaigh, 23 Iúil.

Beidh Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh ar an deireadh seachtaine 27/28 Bealtaine, le Cluichí Ceannais Chorn Christy Ring, Rackard, agus Meagher ar an deireadh seachtaine 3/4 Meitheamh.

Is féidir Sceideal iomlán Máistir-Daingneáin CLG 2023 a fhail anseo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram