Ómós do Pelé ó laochra peile, agus teachtaireacht phearsanta mothúchánach ónár nUachtarán féin Micheál D Ó hUiginn

Thug laochra na peile ómós do Pelé aréir, ar scéala a bháis. Agus in Éirinn thug an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn ómós ar leith.

In óráid spreagúil, a léirigh an grá atá aige don pheileadóir mór le rá agus don chluiche a d’imir sé, dúirt ár nUachtarán: ‘Is le mór-bhrón a chuala baill den teaghlach peile ar fud an domhain faoi bhás Edson Arantes do Nascimento, ar a dtugtar Pelé le grá.’

Michael D Higgins 1 3
Micheál D Ó hUiginn. Pic: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

Bhuaigh Pelé Corn an Domhain trí huaire agus fuair sé bás Déardaoin tar éis dó a bheith san ospidéal i São Paulo ó dheireadh mhí na Samhna.

Thug laoch peile na hÉireann Paul McGrath ómós freisin agus dúirt sé, ar na meáin shóisialta, go raibh brón air tar éis an nuacht a chloisteáil. Chuir sé síos ar Pelé mar ‘duine de mo laochra’.

Scríobh tosaí na Fraince Kylian Mbappe – a bhí cosúil le Pele in 2018 mar an t-aon déagóirí eile a scóráil i gcluiche ceannais Chorn an Domhain – ar Instagram: ‘D’fhág Rí na Peile sinn, ach ní dhéanfar dearmad air riamh. RIP a RÍ.’

Scríobh captaen na hAirgintíne Lionel Messi go simplí: ‘Suaimhneas síoraí dá anam, @pele.’

Chuir Cristiano Ronaldo teachtaireacht ar Instagram, in éineacht le pictiúr dó féin le laoch na Brasaíle, ag cur a ‘chomhbhrón is doimhne’ in iúl.

mbappe8 1
Messi, Mbappe agus Ronaldo

Dúirt Ronaldo: ‘Ní leor “beannacht” leis an Rí Pelé chun an phian a bhaineann le cailliúint saol iomlán na peile a chur in iúl.

‘Inspioráid do na milliún, tagairt ó inné, inniu agus go deo. Bhí an meas a léirigh sé dom i gcónaí cómhalartach i ngach nóiméad a bhí muid le chéile, nó fiú in easnamh.

‘Ní dhéanfar dearmad go deo air agus mairfidh a chuimhne go deo i ngach duine dúinn. Suaimhneas síoraí duit, a Rí Pelé.’

Ina ómós dó dúirt an tUachtarán Ó hUiginn: ‘Tá sé thar a bheith tochtmhar (poignant) go bhfuair Pelé bás chomh luath sin i ndiaidh Chorn an Domhain, an chéim is mó sin dó.

Óna cúil a fheictear i ndubh agus i mbán agus é 17 mbliana d’aois sa tSualainn i 1958 go dtí a bhua teicnicolour leis an bhfoireann Brasaíleach is mó riamh i Meicsiceo 12 bhliain ina dhiaidh sin i 1970, d’fhéadfaí a mhaíomhgo mbeidh ainm Pelé comhchiallach i gcónaí le Corn an Domhain mar an t-aon duine amháin a bhuaigh é trí huaire.

‘Go deimhin beidh a ainm comhchiallach go deo leis an pheil féin, mar b’fhéidir an t-imreoir is mó a d’imir an cluiche riamh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram