Tá Blanc Craig níos fearr fós ná a Bond

Is iomaí duine a bhí ag smaoineamh ar conas a éireoidh le Daniel Craig tar éis dó a thuxedo a chrochadh agus deireadh a chur le imirt James Bond.

Agus d’éirigh thar barr leis sa scannán mistéireach Knives Out.

Bhí an oiread sin tóir air go ndearna siad sequel. Agus tá ag éirigh níos fearr fós leis sin.

Agus is é an sequel, Glass Onion: A Knives Out Mystery, a chéad scannán ó seoladh tar éis deiridh 007.

Ba é an Netflix whodunnit Glass Onion an seó is mó a breathnaíodh ar, ar aon seirbhís sruthú (streaming service) thar thréimhse na Nollag.

craigKnives Out 2
Daniel Craig

Léiríonn figiúirí a chuir Overnights.tv ar fáil a chlúdaíonn na seacht lá go dtí an 28 Nollaig, go bhfuair an scannán grinn mistéire 2.7 milliún lucht féachana.

Imríonn Craig an máistir bleachtaire Benoit Blanc, a dhéanann iarracht mistéir a réiteach ar oileán na Gréige a bhaineann le billiúnaí teicneolaíochta agus a chairde.

Bhí an scannán, a bhfuil Edward Norton agus Kate Hudson ina réalta air freisin, go héasca chun tosaigh ar scannán Nollag 1990, Home Alone, ar Disney +, a bhí sa dara háit le 1.2 milliún lucht féachana sa tréimhse sin.

Ach bhí go leor de na radharcanna is mó tóir thar an tréimhse sin, sna deich is fearr, ná eipeasóid éagsúla den tsraith iontach Netflix Wednesday, ‘spin-off’ eile ó scéal The Addams Family.

Ba é an ceann is mó a breathnaíodh air ná an séú clár a mheall beagnach 953,000 lucht féachana.

Bhí an Muppet Christmas Carol, ar Disney+, sa séú háit, ag tarraingt isteach beagnach 913,000 lucht féachana.

Eisíodh scannán deireanach Craig mar James Bond, No Time To Die, in 2021.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram