Tá an éigeandáil tithíochta ag coinneáil Éireann siar agus is é an cur chuige ‘is féidir linn’ a bhí ann i leith Covid atá ag teastáil anois, a dhearbhaigh an Taoiseach.
Thug Leo Varadkar le fios go bhfuil sé beartaithe aige rialacha stát chabhrach agus fiú an Bunreacht a shárú in iarracht deileáil leis an ganntanas tithíochta.
Don chéad uair, tá glactha ag an Uasal Varadkar leis go mbeidh ‘réitigh tithíochta bhuan’ ag teastáil chun cabhrú le teach a thabhairt do gar do 70,000 teifeach ón Úcráin atá tagtha chun na tíre cheana féin.
Tugann sé seo le fios go bhfuil scála na géarchéime tithíochta níos géire ná mar a measadh roimhe seo.
Dúirt ceannaire Fhine Gael: ‘Uaireanta sa rialtas deirimid nach féidir rudaí a dhéanamh, mar gheall ar airgeadas poiblí, mar gheall ar rialacha státchabhrach, nó mar gheall ar rud éigin eile, níl mé sásta glacadh leis sin.
‘Caithfidh muid déileáil le fadhb na tithíochta, is éigeandáil í, tá tionchar aici ar dhaoine ar go leor bealaí éagsúla. Tá sé ag coinneáil siar sinn mar thír, agus ag cruthú deighilt idirghlúine nach maith liom a fheiceáil.
Mar sin, tá sé ina am dúinn gach rud a dhéanamh, ach amháin má tá cúis mhaith gan é a dhéanamh.’
Dúirt an Taoiseach gur gá don Rialtas an bhliain seo chugainn bogadh ó fhreagairt éigeandála agus dhaonnúil go ‘réiteacht tithíochta níos buaine’.
‘Sin atá le déanamh againn sna míonna atá romhainn,’ a dúirt sé.
‘Tá daoine anseo, mar shampla, 5,000 duine atá fós ina gcónaí i soláthar díreach a bhfuil stádas acu; bheadh sé go maith dá bhféadfaimis bealach a aimsiú chun freastal orthu chun na háiteanna sin a shaoradh.
‘Agus ansin, freisin, tá go leor Éireannach, saoránaigh Éireannacha agus saoránaigh AE atá ar liostaí tithíochta le fada an lá. Mar sin caithfimid breathnú air sin ina iomláine agus a chinntiú go bhfuil muid cothrom le gach duine.’
Dúirt sé freisin go bhfuil go leor bealaí éagsúla chun soláthar a mhéadú.
‘Tá go leor luamháin (levers) againn; níl le déanamh againn ach a chinntiú go n-úsáidfimid na cinn chearta,’ a dúirt sé.
‘Ar ndóigh, tá luamháin airgeadais, deontais, caiteachas Rialtais, infheistíocht Rialtais, freisin rudaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thaobh na cánach, mar shampla, gur gá dúinn a scrúdú.
‘Tá luamháin reachtaíochta ann ansin freisin, mar sin, mar shampla, athchóiriú an dlí pleanála, chun a chinntiú go dtéann rudaí trí chead pleanála go tapa.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.