Buille mór do dornálaithe na hÉireann le plean Oilimpeach cosc a chur ar an spórt

Beidh buille mór do dornálaithe na hÉireann mar tá ceannairí Oilimpeacha ag ullmhú le cosc a chur ar dornálaíocht sna cluichí i bPáras in 2024.

D’fhágann sé sin go mbeidh sé deacair d’Éirinn bonn a bhaint amach.

Tá an Coiste Oilimpeach Idirnáisiúnta (International Olympic Committee, IOC) ag druidim le dornálaíocht a eisiamh ó Chluichí Pháras, ag rá nár léirigh a chomhlacht domhanda (world body), atá faoi stiúir na Rúise, ‘aon suim i ndáiríre’ sa spórt ná ina lúthchleasaithe.

kellie croker 768x448 1
Kellie Harrington

Buille mór a bheadh ann do spórt na hÉireann mar tá an dornálaíocht freagrach as níos mó ná leath de na boinn Oilimpeacha a bhuaigh an tír seo le h’ór suntasach do Michael Carruth i 1992, Katie Taylor in 2012 agus Kellie Harrington anuraidh.

Tá an Cumann Dornálaíochta Idirnáisiúnta (International Boxing Association, IBA) á reáchtáil ag Umar Kremlev na Rúise, le tacaíocht ón ngnólacht fuinnimh Rúiseach Gazprom.

Baineadh an IBA as a rannpháirtíocht i gCluichí Oilimpeacha 2020 Tóiceo agus níl an dornálaíocht ar an gclár tosaigh do Chluichí Los Angeles 2028, ar feitheamh leasuithe a d’éiligh an IOC.

Tá cáiliú do chomórtas dornálaíochta Pháras 2024 á eagrú ag an IOC ach dúirt siad go gciallaíonn imní maidir leis an IBA go ndéanfaidh siad tuilleadh cinntí. D’fhéadfadh go mbeadh orthu cead a bhaint as dornálaíochta a bheith sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras 2024.

olympic
Buaiteoirí boinn: John Joe Nevin, Katie Taylor, Paddy Barnes agus Michael Conlon. Pic: David Maher / SPORTSFILE

Dúirt urlabhraí de chuid an IOC: ‘Léirigh chomhdháil (congress) an IBA le déanaí arís nach bhfuil fíor-suim ag IBA i spórt na dornálaíochta agus na dornálaithe, agus nach bhfuil suim acu ach ina chumhacht féin.

Dúirt an urlabhraí go bhfuil an IBA ag síneadh lena idirbheart (extending its deal) le Gazprom le déanaí, agus gur léirigh sé seo nach raibh ‘aon toil aige na fíor-shaincheisteanna a thuiscint’.

Vótáil comhdháil an IBA i mí Mheán Fómhair i gcoinne toghchán nua a reáchtáil, rud a cheadaigh Kremlev fanacht mar uachtarán, tar éis rialú ón gCúirt Eadrána Spóirt (Court of Arbitration for Sport , CAS) go raibh cosc mícheart ar iarrthóir na hÍsiltíre Boris van der Vorst seasamh.

‘Beidh ar an IOC é seo go léir a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh sé cinntí breise,’ a dúirt an t-urlabhraí.

D’fhreagair an IBA inné ag rá go leanfaidh sé ar aghaidh ag troid ar son a lúthchleasaithe chun dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha.

‘Tá sé soiléir, go leanfar le géarleanúint (persecution) na lúthchleasaithe IBA go dtí go mbeidh rialú deiridh ar an dornálaíocht agus a ceannaireacht bainte amach,’ a dúirt an IBA i ráiteas.

‘Tá an t-idirdhealú (discrimination) i coinne ceannaireacht agus comhpháirtithe an IBA, atá bunaithe ar shaoránacht, ag teacht salach ar an gCairt Oilimpeach (Olympic Charter), agus ní leagann sé béim ach ar shaincheist na lúthchleasaithe agus an spóirt atá á láimhseáil (manipulated) chun críocha geopolitical.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram