Gabhadh roinnt daoine a bhfuil amhras (suspects) gur mharaigh siad saighdiúir síochánaíochta na hÉireann Seán Rooney; agus tá fiosrúchán ar siúl faoi daoine eile a ceaptar go bhfuil siad ciontach freisin.
Dhearbhaigh foinse faisnéise arm (army intelligence) na Liobáine na gabhálacha don Irish Daily Mail.
Tá cuardach á dhéanamh freisin le haghaidh daoine breise atá ag teastáil ar amhras go raibh faisnéis acu a bhaineann leis an imscrúdú, nó gur chabhraigh siad le scriosadh na feithicle de chuid na Náisiún Aontaithe.
Dúirt urlabhraí ar son arm na Liobáine leis an Mail go bhfuil roinnt gabhálacha déanta.
‘Tá roinnt daoine a bhfuil amhras fúthu agus táimid ag fiosrú an baint atá acu leis an méid a tharla,’ a dúirt sé.
‘Ach do riachtanais an imscrúdaithe, ní féidir líon na ngabhálaithe agus sonraí eile a nochtadh, toisc go bhfuil an cás faoi mhaoirseacht bhreithiúna na Liobáine,’ a dúirt sé.
De réir foinsí sna meáin áitiúla: ‘Tá imscrúduithe faisnéise an airm tar éis léargas soiléir ar an méid a tharla an tráthnóna sin, a chur le chéile. Leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go ngabhfar na daoine a bhfuil amhras fúthu.’
Moslamaigh Shia iad na daoine go léir a bhfuil amhras fúthu i mbaile ina bhfuil ceannas ag lucht Shia ann. Tá cuid acu nasctha le mílíste Hezbollah atá maoinithe ag an Iaráin agus tá cuid acu nasctha le Amal, páirtí Shia tromlaigh i bparlaimint na Liobáine.
Rinneadh na gabhálacha tar éis d’oifigigh staidéar a dhéanamh ar scannáin CCTV agus ar na meáin shóisialta.
Ocht lá tar éis na heachtra i ndeisceart na Liobáine inar maraíodh an Pte Rooney, 24, agus gortaíodh triúr eile, lena n-áirítear an Pte Shane Kearney as Corcaigh, léirigh Ambasadóir na Liobáine in Éirinn a muinín go mbeidh deireadh leis an imscrúdú ar na maraithe go luadh.
Dúirt Rami Mortada leis an Irish Times: ‘Sílim go bhfuil rudaí ag dul i dtreo an-gheallta nach mbeidh ró-fhada sula gcloisfimid dea-scéala.’
Dheimhnigh urlabhraí d’Óglaigh na hÉireann aréir go bhfuil siad ar an eolas faoi na tuairiscí faoi ghabhálacha, ach nach bhfuil siad ag trácht ar an scéal go dtí go bhfaighidh siad na fíricí ó fhoinsí oifigiúla.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.