SÉ ÁR LAOCH: Tá eolas ag na húdaráis ar iad siúd a mharaigh Seán Rooney, ach tá na marfóirí fós saor

23/12/2022

Tá fhios ag imscrúdaitheoirí cé hiad a mharaigh laoch na síochána Seán Rooney sa Liobáin, de réir tuairiscí.

Agus creideann na húdaráis go raibh an t-ionsaí ar chonmhaigh síochána (peace convoy) na Náisiún Aontaithe curtha le chéile roimh ré.

Ar an lá céanna agus a bhí ar teaghlach laoch síochána na Náisiún Aontaithe, slán a rá leis an saighdiúir óg Seán Rooney don uair dheireanach, dúirt imscrúdaitheoirí gur aithin siad na marfóirí, ach go bhfuil siad fós saor.

Gortaigh na hionsaitheoirí (attackers), freisin, triúr coimeádaí síochána (peace keepers) eile.

Agus bhí daoine ar buile mar gheall ar an fhoréigin ar daoine a bhí ag iarraidh cabhrú le muintir áitiúla a gnáthshaol a chaitheamh i dtír trioblóideach.

Sean Rooney Funeral 6 1168x681 1
Sochraid: Seán Rooney

Dúirt oifigeach breithiúnach ón Liobáin: ‘Bhí an t-imscrúdú in ann daoine a bhfuil amhras fúthu a shainaithint. Ach dúirt siad freisin, go dtí seo, nach bhfuil aon duine gafa; agus tá na seirbhísí slándála fós á lorg.’

Tagann an t-eolas is déanaí faoin ionsaí ar an conmhaigh síochána ag an am céanna agus a dúirt muintir Sheáin Rooney, ag a shochraid, gur chur a bhás ‘gearrtha trína gcroí’.

Dúirt máthair Pte Rooney na focail a mhothaigh gach duine a bhí i láthair. Dúirt sí go raibh a mac ina ‘laoch náisiúnta’.

Dúirt Natasha McCloskey: ‘Táim níos bródúil as an duine cineálta grámhar a bhí Seán.’

Bhí sí ag caint faoi fhear óg cróga a chuaigh gan eagla isteach i gceantar i dtír scoilte.

Scaoileadh urchair ‘ó bheirt ar a laghad’ ar an trucail nuair a shroich sé Al-Aqbieh, deisceart na Liobáine, de réir na foinse breithiúnach céanna.

Dúirt an fhoinse go raibh an eachtra ‘réamhmheasta (premeditated) agus bhí carr ag iompar fir armtha ina dhiaidh’.

Feidhmíonn Unifil (fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin) mar fórsan síochána idir an Liobáin agus Iosrael san áit.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram