Deir Phil Hogan gur thréig Leo Varadkar a phrionsabail

22/12/2022

Tá an Taoiseach Leo Varadkar cáinte go láidir ag Phil Hogan, a dúirt gur thréig sé a phrionsabail.

Bhí iar-Choimisinéir an Aontais Eorpaigh, de chuid Fhine Gael, ag labhairt faoin gcaoi ar caitheadh leis, tar éis dó freastal ar dhinnéar ‘Golfgate’ le linn dianghlasáil Covid.

Dúirt sé go ndeachaigh an tUasal Varadkar agus an Tánaiste Micheál Martin in éineacht le ‘populist wave of indignation’.

Agus é ag tagairt don Uasal Varadkar, dúirt an tUasal Hogan: ‘Chuir sé na moltaí cearta beartais in iúl ar nós “daoine ag éirí go moch ar maidin agus ag fáil luach saothair as a gcuid oibre crua”, ach ar an drochuair chomh luath agus a ceapadh ina Thaoiseach é ba chosúil go raibh sé sin tréigthe mar prionsabal’.

Dúirt sé nach raibh sé sin le feiceáil sna buiséid ina dhiaidh sin, ‘agus gur botún é sin’.

Bhí ar an Uasal Hogan éirí as a phost san Aontas Eorpach tar éis scannal 2020, tar éis do cheannaire Fhine Gael, an tUasal Varadkar, in éineacht leis an Taoiseach Micheál Martin ag an am, a rá gur chóir dó ‘cuimhneamh ar éirí as a post’, tar éis dó freastal ar an ócáid chonspóideach.

Sean ORourke 768x448 2
Sean O’Rourke .

Ghabh an tUasal Hogan a leithscéal cheana féin as freastal ar an ócáid ach dúirt sé i gcónaí nár sháraigh sé rialacha Covid-19.

Ag labhairt dó leis an gcraoltóir Seán O’Rourke, a d’fhreastail freisin ar ócáid cháiliúil Chumann Gailf an Oireachtais ar an gClochán (Glifden), Co na Gaillimhe, don tsraith faisnéise Two Tribes ar RTÉ, dúirt an tUasal Hogan go bhfuil sé ‘fós ar buile’ faoin méid a tharla.

‘Bhí mé ag súil le próiseas ina bheadh deis agam mé féin a mhíniú, ach chuaigh siad ar aghaidh leis an ‘populist wave of indignation’ seo, faoi cad a tharla tar éis an ócáid ​​sin, gan anailís a dhéanamh i ndáiríre ar rud ar bith.

‘Cuireadh na comhráite a bhí agam, na cruinnithe leis an Taoiseach agus leis an Tánaiste, ar fáil do na meáin,’ a dúirt sé.

‘Nuair a bhí mé ag labhairt leo, bhíomar ag caint faoi conas a d’fhéadfaimis a mhíniú cad a tharla. Ag an am céanna, bhí siad ag scríobh litir a bhí le bheith le feiceáil ar leathanach tosaigh an Sunday Independent.’

Dúirt sé go raibh sé sin ag éileamh dó éirigh as, agus gur chuir siad an eolais tríd an gcóras Rialtais chuig Uachtarán an Choimisiúin, amhail is dá mba sin an fhírinne.’

Níos luaithe i mbliana, dhíbh (dismiss) an breitheamh ó Chúirt Dúiche na Gaillimhe, Mary Fahy, cúisimh a tugadh i gcoinne lucht eagraithe an dinnéir gailf, a shéan go raibh an ócáid a bhí beartaithe acu ar an 19 Lúnasa 2020 ag sáraigh na srianta.

Dúirt an tUasal Hogan: ‘Bhí mé rud beag mícheart le na treoirlínte, ach níor sháraigh mé aon riail, ná aon dlí agus thóg sé cás cúirte i nGaillimh i mí Feabhra 2022 chun a thaispeáint do gach duine cad a tharla i ndáiríre maidir le cé chomh mícheart agus a bhí an Rialtas agus na meáin.’

Chuaigh ExtraG.ie i dteagmháil le hurlabhraithe an Uasail Varadkar agus an tUasal Martin chun tuairimí a fháil.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram